English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonrú ar Thacaíocht Dhaonnúil Leighis don Úcráin

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 5 Aibreán 2022

Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Cúnamh Forbartha Thar Lear agus an Diaspóra, Colm Brophy TD, roimh thabhartais bhreise shuntasacha de thacaíocht dhaonnúil leighis ar seoladh chuig an Úcráin an tseachtain seo. Sheachaid FSS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) na tabhartais seo i ndlúthchomhar le Medical Help Ukraine (grúpa Dochtúirí Úcránacha in Éirinn). D’éascaigh Seirbhísí Otharchairr Lifeline an t-iompar.

Tabhartais Chúnaimh Leighis a bhfuil Géarghá leo

I dteannta le tomhaltáin leighis a bhfuil géarghá leo, PPE agus 9 n-otharcharr lánfheistithe a seoladh chuig an Úcráin roimhe seo, ar an Satharn, 26 Márta, seoladh an chéad choimeádán de threalamh leighis a raibh géarghá leis a dheonaigh an FSS chuig an Úcráin, agus cuireadh 3 lastas bhreise i gcrích i rith na seachtaine. . San iomlán, áiríodh sa deonú seo breis agus 3,600 mír inar cuimsíodh raon feistí cúraim chriticiúil lena n-áirítear tacaíocht saoil, cúram diagnóiseach, teiripeach agus naíonáin mar aon le raon gléasanna intomhalta.

I dteannta le trealamh leighis a bhronnadh, ar an Luan, 28 Márta, cuireadh coinsíneacht de 18 bpailéad d’earraí cógaisíochta chuig an Úcráin, arna soláthar ó stoic FSS.

Tá an FSS agus an Roinn Sláinte ag beartú tabhartas breise soláthairtí agus trealamh leighis faoi láthair.

Níl sna tabhartais seo ach gné amháin d’fhreagairt earnáil sláinte na hÉireann ar ghéarchéim na hÚcráine agus cuid d’fhreagairt fhairsing rialtas na hÉireann:

Aslonnú Leighis

Tá Éire ag tacú le cúram othar éigeandála agus aslonnú leighis othar ón Úcráin. Tá dhá aslonnú leighis go hÉirinn tugtha chun críche cheana féin mar chuid d’fhreagra comhordaithe AE tríd an Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta agus comhoibriú idir FSS, an Roinn Sláinte, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus an Roinn Cosanta. Tá beirt othar phéidiatraiceacha ón Úcráin agus a dteaghlaigh tagtha go hÉirinn le deich lá anuas agus aistríodh iad le haghaidh cóireála in CHI Cromlin agus in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.

Reáchtáladh an dá mhisean aerleighis trí chomhoibríocht de chuid Aerchór na hÉireann agus na Seirbhíse Otharcharranna Náisiúnta, an tSeirbhís Chúram Criticiúil & Aisghabhála. Comhordaíodh na misin ón tSeirbhís Seolta Aerleighis, atá lonnaithe laistigh den Ionad Náisiúnta Oibríochtaí Éigeandála, Tamhlacht.

Leanann Éire le hiompar aslonnaithe leighis a thairiscint don Úcráin agus do thíortha comharsanachta an Aontais Eorpaigh chun tacú le rochtain d’othair ar chúram leighis práinneach. Leanfaidh Éire ar aghaidh ag tairiscint a cuid tacaíochta agus cúnaimh de réir mar a éilíonn córais sláinte ár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach.

Tacaíochtaí Leighis do Dhídeanaithe ón Úcráin in Éirinn

Tá sé mar thosaíocht ag an Roinn Sláinte agus ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chinntiú go gcuirtear seirbhísí cuí sláinte agus cúraim shóisialaigh ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin a thagann go hÉirinn (amhail 31/03/22, tá 16,891 dídeanaí ón Úcráin, a bhfuil 9,814 acu i ndiaidh lóistín éigeandála a lorg.).

Tá samhail eatramhach tacaíochta seirbhíse sláinte FSS i bhfeidhm ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag calafoirt iontrála eile. Déanann an tsamhail seo foráil do:

  • Measúnú leighis láithreach / soláthar oideas do riochtaí reatha
  • Bainistiú miontinneas agus riachtanas garchabhrach
  • Sainaithint saincheisteanna casta láithreacha sláinte óna dteastaíonn bealaí chuig géarsheirbhísí tánaisteacha nó pobail

Ina theannta sin, tá próiseas iarratais cártaí leighis simplithe agus sruthlínithe i bhfeidhm do dhídeanaithe ón Úcráin.

Do dhídeanaithe ón Úcráin a chuirtear i gcóiríocht éigeandála, tá creat curtha i bhfeidhm ag an FSS lena gcinntítear go gcuirtear sainseirbhísí Dochtúra ar fáil agus rochtain ar oidis. Ina theannta sin, tá Safety Net ag cur clinicí GP ar fáil do shaoráidí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, bhí 23 clinic dá leithéid ar siúl an tseachtain seo caite. Tá seirbhísí Dochtúra inrochtana taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre, de réir mar is gá. Tá seirbhísí aistriúcháin feabhsaithe i bhfeidhm agus roinntear an t-eolas seo le gach seirbhís sláinte lena n-áirítear Dochtúirí Teaghlaigh.

Tá treoir sláinte phoiblí eisithe ag FSS chun bonn eolais a thabhairt do shamhlacha freagartha seirbhísí áitiúla. Tá leathanach gréasáin tiomnaithe bunaithe aige freisin maidir le rochtain ar sheirbhísí cúram sláinte san Úcráinis agus sa Rúisis.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Léiríonn seoltaí trealaimh leighis tarrthála chuig an Úcráin an tseachtain seo tiomantas na hÉireann seasamh le muintir na hÚcráine agus iad i ngátar. Táimid tiomanta do gach rud is féidir linn a dhéanamh chun freagairt don staid sláinte agus dhaonnúil seo nach bhfacthas riamh. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Medical Help Ukraine, Seirbhísí Otharchairr Lifeline agus an FSS as tabhartas inniu a thabhairt chun críche.

"Tá sé mar thosaíocht ag Éirinn a chinntiú go gcuirtear seirbhísí cuí sláinte agus cúraim shóisialta ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin. Áirítear leis seo seirbhísí cúram sláinte príomhúil do dhaoine fásta, leanaí agus daoine scothaosta, cúram leanúnach do riochtaí leighis tosaíochta amhail diaibéiteas, galar croí agus tinnis ainsealacha eile, agus seirbhísí do strus síceolaíoch agus meabhairshláinte. Leanfaidh mé ag obair le hAirí Stáit i mo Roinn, le m’oifigigh agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun a chinntiú go bhfuil na seirbhísí seo ar fáil.”

Dúirt an tAire O'Brien:

“Tá Éire tiomanta d’iarrachtaí leanúnacha chun tacú le muintir na hÚcráine le linn na tréimhse uafásaí seo agus tá áthas orm go bhfuil mo Roinn in ann cabhrú le comhordú na n-iarrachtaí sláinte agus daonnúla. Tá Éire ag déanamh gaisce mar chuid d’iarracht chomhordaithe Eorpach, ag léiriú dlúthpháirtíochta le muintir na hÚcráine trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Aithníonn Rialtas na hÉireann méid na coinbhleachta seo agus soláthróidh sé cibé tacaíochtaí daonnúla is féidir linn a chur ar fáil. Tá na tabhartais leighis seo ríthábhachtach chun daoine a shábháil agus tá áthas orm leanúint ar aghaidh ag cabhrú le mo chomhghleacaithe thar ceann Rialtas na hÉireann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le muintir na hÉireann as a bhflaithiúlacht leanúnach.”

Dúirt an tAire Brophy:

“Chomh maith le tacaíocht leighis a chur ar fáil, tá €20m leithdháilte ag an Rialtas go dtí seo i maoiniú daonnúil chun tacú le daoine san Úcráin, chomh maith leo siúd a theith go tíortha comharsanachta. Tá mo Roinn ag obair go gníomhach lenár gcomhpháirtithe sa réigiún chun bunriachtanais, lena n-áirítear bia, foscadh, cúram sláinte agus cosaint, a chur ar fáil do dhaoine atá buailte ag an gcogadh tubaisteach seo.”

CRÍOCH

Buíochas

Tá Éire ag cur earraí leighis ar fáil don Úcráin mar fhreagra ar iarratais fhoirmiúla ar chúnamh a fuarthas trí Shásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta.

Tá an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (cuid den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta) ag comhordú cumarsáide na soláthairtí seo tríd an Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta, ag obair leis an Roinn Sláinte, an FSS, agus Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus eagraíochtaí eile. Tá an tacaíocht seo ó Éirinn mar chuid den iarracht chomhordaithe ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh atá ar siúl faoi láthair chun freagairt dhaonnúil chomhoibríoch a chur ar fáil tar éis iarratais ar chúnamh a fháil ón Úcráin. Laistigh den Aontas Eorpach is í an Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil atá i gceannas ar an bhfreagra sin.

Is trí thacaíocht ón Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta agus trí iarrachtaí comhordaithe na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na Roinne Cosanta a rabhthas aslonnú leighis saoránaigh na hÚcráine go hÉirinn a chur i gcrích. Tá iompar curtha ar fáil ag an Aerchór.

Nótaí

Is iad na tabhartais thuas na tabhartais is deireanaí i sraith a rinne Éire le mí anuas, tá Éire ag cur tabhartais chúnaimh leighis ar fáil don Úcráin mar fhreagra ar iarratais ar chúnamh ó údaráis na hÚcráine a fuarthas trí Shásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta (UCPM). Roimhe seo, sheol Éire roinnt earraí tarrthála chuig an Úcráin lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • 4,026 mála fola (arna sholáthar ag Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann)
  • Breis is 60,000 mír de Threalamh Cosanta Pearsanta, lena n-áirítear maisc, culaith choirp cosanta agus sláintitheoirí
  • 12 phailléid d’earraí inchaite lena n-áirítear bindealáin, steallairí agus snáthaidí
  • Dhíchoimisiúnaigh 9 Seirbhís Otharcharranna Náisiúnta otharcharranna, iad lán-fheistithe agus réidh le húsáid