Osclaíonn an tAire Harris agus an tAire Donohoe Ionad nua Cúraim Phríomhúil agus foilsíonn siad tuarascáil ar dhul chun cinn
- Foilsithe: 26 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Meitheamh 2019
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, oscailt Ionad Cúraim Phríomhúil Chnoc an tSamhraidh a fhógairt inniu (Dé hAoine) mar chuid de Éire 2040 – An Tionscadal. Foilsíodh tuarascáil ar dhul chun cinn ar chur i bhfeidhm na nIonad Cúraim Phríomhúil ar fud na tíre freisin.
Is é atá in Éire 2040 – An Tionscadal an straitéis uileghabhálach fhadtéarmach atá i bhfeidhm ag an Rialtas chun tír níos fearr a chruthú dúinn go léir. D’athraíomar an dóigh a n-infheistímid i mbonneagar poiblí in Éirinn, agus sinn ag bogadh ar shiúl ó chur chuige an ama atá thart – áit ar bhaineamar an iomarca as an infheistíocht phoiblí agus nach raibh cinntí infheistíochta ag teacht le straitéis dhea-cheaptha dhea-shainithe.
Ceann de na príomh-shaintréithe atá ag áiteanna tarraingteacha, rathúla agus iomaíocha is ea rochtain ar raon seirbhísí sláinte ar ardchaighdeán, atá ar aon dul leis an gclár Sláintecare agus atá i gcoibhneas le scála an réigiúin, na cathrach, an bhaile, na comharsanachta nó an phobail atá i gceist. Trí dhlúthfhás cliste a bhaint amach i limistéir uirbeacha agus trí phobail tuaithe atá cobhsaí agus láidir a chruthú, beifear in ann raon seirbhísí inrochtana a sholáthar ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtaí.
Dúirt an tAire Harris,
“Agus é ar an gceann is mó in Éirinn, tá oscailt Ionad Cúraim Phríomhúil Chnoc an tSamhraidh mar fhianaise go bhfuilimid ag bogadh i ndáiríre i dtreo an chineáil chúraim phríomhúil agus chúraim phobail a shamhlaítear sa tuarascáil Sláintecare. Is é an croíchuspóir atá againn formhór an chúraim a aistriú chuig an timpeallacht pobail, rud a chabhróidh linn liostaí feithimh agus amanna feithimh a laghdú agus, ar deireadh, sláinte an daonra a fheabhsú mar atá beartaithe againn.”
“Tá ról ríthábhachtach le himirt ag Ionaid Chúraim Phríomhúil maidir leis an tseirbhís sláinte a athchóiriú agus tá siad deartha chun an cúram ceart a thabhairt san áit cheart ag an am ceart.”
Dúirt an tAire Donohoe,
“Is mór an pléisiúr dom bheith anseo ar maidin le haghaidh oscailt oifigiúil Ionad Cúraim Phríomhúil Chnoc an tSamhraidh. Áirítear leis an gcúram pobail atá á sholáthar sa láthair seo seirbhísí fiaclóireachta, altranais, fisiteiripe, teiripe saothair, teiripe urlabhra agus oibre sóisialta agus, toisc gur féidir leis freastal ar na riachtanais chúram sláinte atá ag daoine níos gaire don bhaile, tá sé ag imirt tionchar suntasach ar mhuintir Chnoc an tSamhraidh agus ar dhaoine sa limistéar máguaird”.
“Tá rún daingean ag an Rialtas leanúint le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar cúraim phríomhúil a fhorbairt ar fud na tíre, agus tá ionaid eile á bhforbairt nó á bpleanáil faoi láthair. Tá an obair sin á treorú trína aithint gur féidir na torthaí sláinte is fearr a bhaint amach trínár seirbhísí sláinte a athdhíriú i dtreo timpeallachtaí cúraim phríomhúil agus cúraim phobail, áit ar féidir formhór na riachtanas atá ag daoine a chomhlíonadh sa limistéar áitiúil, agus géarchúram agus cúram éigeandála ar ardchaighdeán á gcur ar fáil in ospidéil ghéarmhíochaine chuí.”
Tá 127 nIonad Cúraim Phríomhúil i mbun feidhme ar fud na tíre anois agus tá 12 cheann eile le críochnú nó le teacht i mbun feidhme faoi dheireadh na bliana. Tá níos mó ná 70 ionad eile á dtógáil, á bhforbairt nó á bpleanáil faoi láthair freisin. Tacóidh soláthar na n-ionad sin sna blianta atá romhainn le hathchóirithe eile a sainaithníodh mar chuid den phlean Sláintecare ar mhaithe le seirbhísí sláinte a thabhairt níos gaire don bhaile.
Chomh maith leis sin, tharraing na hAirí aird ar an leathnú seirbhísí atá ar bun laistigh de chúram príomhúil. Thug siad faoi deara gur cuireadh níos mó ná €50m ar fáil mar chistiú breise sa bhliain 2019 chun acmhainn a mhéadú san earnáil, lenar áiríodh trí bhaill foirne teiripe agus altraí sa bhreis a earcú, agus chun seirbhísí a fhorbairt tuilleadh.
Gheall na hAirí go leanfaí le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar cúraim phríomhúil agus seirbhísí cúraim phríomhúil araon a fhorbairt sna míonna agus sna blianta atá romhainn.
CRÍOCH