Osclaíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta glao chun Comhalta nua le Taithí Saoil a chur leis an gCoiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'oscail an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler T.D., glao ar Léirithe Spéise (EOI), le go gcuirfí Comhalta le Taithí Saoil leis an gCoiste Stiúrtha den Choiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta (NIMC) ar Chomhfhís – Beartas Meabhairshláinte do Chách.
Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo ionchur na taithí saoil a dhoimhniú i gcomhthéacs cur chun feidhme agus maoirseacht Chomhfhís, beartas meabhairshláinte náisiúnta uaillmhianach, ilghnéitheach na hÉireann don tréimhse 2020-2030.
Oibreoidh an ball nua, a bhfuil taithí saoil aige/aici, in éineacht le baill chliniciúla, shóisialta agus phobail an Choiste. Táthar ag súil go gcabhróidh an ceapachán seo le guthanna na n-úsáideoirí seirbhíse a chur san áireamh tuilleadh sa phróiseas cur chun feidhme beartais, mar aon le ról ríthábhachtach an Ghrúpa Tagartha (úsáideoirí seirbhíse, baill teaghlaigh agus cúramóirí).
Dúirt an tAire Butler:
“Cinnteoidh ball breise den choiste, a bhfuil taithí saoil ar leith aige/aici, go bhfanfaidh na húsáideoirí seirbhísí meabhairshláinte mar chomhpháirtithe comhionanna agus riachtanacha de chóras meabhairshláinte atá dírithe ar théarnamh agus a bhfuil sé mar aidhm againn é a thógáil agus a fheabhsú.
“Tá an-áthas orm cuireadh a thabhairt do léirithe spéise don ról mar Chomhalta Taithí le Saoil ar an gCoiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta. Is príomhthiomantas don Rialtas agus dom féin é Comhfhís, ár mbeartas náisiúnta meabhairshláinte, a chomhlíonadh. Creidim go láidir sa luach a bhaineann le taithí saoil a chur san áireamh i gceapadh beartas meabhairshláinte, i gcur i bhfeidhm agus i seachadadh seirbhíse."
Déanfaidh painéal roghnúcháin de chuid na Roinne Sláinte measúnú ar na léirithe spéise agus d'fhéadfadh próiseas gearrliostaithe a bheith i gceist leis. Is é an tAire a dhéanfaidh an cinneadh deiridh maidir le ceapachán ar Choiste Stiúrtha NIMC.
Tá an NIMC, a bunaíodh i mí na Nollag 2020, freagrach as cur chun feidhme fadtéarmach an bheartais seo a thiomáint agus a mhaoirsiú. Tá struchtúir éagsúla curtha ar bun ag Coiste Stiúrtha NIMC chun seachadadh beartais a fheabhsú, lena n-áirítear Grúpa Forfheidhmithe FSS, an Grúpa Tagartha, agus roinnt Sainghrúpaí a dhíríonn ar phríomhréimsí cosúil le Meabhairshláinte na mBan, Meabhairshláinte Dhigiteach, agus Aistrithe Meabhairshláinte don Aos Óg.
Nótaí:
Iarrtar ar gach iarrthóir Curriculum Vitae (CV) agus litir thacaíochta a sheoladh isteach mar dhoiciméad amháin chuig sharingthevision@health.gov.ie le "Comhalta Taithí Saoil – An Coiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta" curtha isteach i líne an ábhair den ríomhphost.
Tá leabhrán eolais an iarrthóra ar fáil thíos. Is é Dé hAoine an 30 Lúnasa 2024 ag 15:00 an spriocdháta chun iarratais a chur isteach.