Osclaíonn An tAire Sláinte comhairliúchán poiblí ar an mBeartas Náisiúnta maidir le Cúram Maolaitheach d’Aosaigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn An tAire Sláinte comhairliúchán poiblí ar an mBeartas Náisiúnta maidir le Cúram Maolaitheach d’Aosaigh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 14 Meán Fómhair 2021

D’fhógair An tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD, inniu an comhairliúchán poiblí ar an mBeartas Náisiúnta maidir le Cúram Maolaitheach d’Aosaigh. Rinne sé an fógra le linn cuairte ar Ospís agus Seirbhísí Cúraim Mhuire Mháthair Chill Mhantáin chun Seachtain Náisiúnta an Chúraim Mhaolaithigh a cheiliúradh.

Dúirt An tAire Donnelly:

“I gcomhréir leis an gClár Rialtais, táimid ag pleanáil ár mbeartas náisiúnta cúraim mhaolaithigh d’aosaigh a nuashonrú an bhliain seo chugainn. Táimid ag úsáid suirbhé ar líne chun tuairimí an phobail a fháil ar an gcaoi a ndéantar seirbhísí do dhaoine le breoiteacht thromchúiseach agus chéimnitheach a sholáthar, rud a chuirfidh leis an nuashonrú ar bheartas. Iarrfar ar rannpháirtithe an tsuirbhé faoina bhfeasacht ar chúram maolaitheach, a dtuairimí faoi sheirbhísí reatha agus a dtosaíochtaí sa todhchaí do sheirbhísí chúraim mhaolaithigh. Is féidir teacht ar an suirbhé seo ón lá inniu agus beidh sé ar oscailt ar feadh sé seachtaine ag dúnadh an 25ú Deireadh Fómhair 2021.

Lean an tAire Donnelly air:

“Cuirfidh an suirbhé eolas luachmhar ar fáil faoi thuairimí an náisiúin maidir leis an gcaoi a ndéantar cúram do dhaoine le breoiteacht thromchúiseach agus chéimnitheach a sholáthar in Éirinn agus cabhróidh sé le forbairt an nuashonraithe ar an mBeartas Cúraim Mhaolaithigh d’Aosaigh a mhúnlú. Mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh sa tsuirbhé. Tá sé ríthábhachtach d’fhorbairt an bheartais seo tuairimí na ndaoine sin a oibríonn i réimse an chúraim mhaolaithigh, eagraíochtaí leasmhara agus baill an phobail a fháil."

Tá an suirbhé á seoladh le linn Sheachtain Náisiúnta an Chúraim Mhaolaithigh 2021, atá ar siúl ón 12ú go dtí an 18ú Meán Fómhair. Tá roinnt imeachtaí á n-éascú ag Institiúid Uile-Éireann um Ospís agus Cúram Maolaitheach i rith na seachtaine, agus é mar aidhm acu tuiscint an phobail ar chúram maolaitheach a mhéadú agus feasacht ar a buntáistí a ardú.

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí:

Foilsíodh beartas chúram mhaolaithigh reatha na hÉireann i 2001 agus tá sé le fáil i dTuarascáil an Choiste Chomhairligh Náisiúnta ar Chúram Maolaitheach. Bhí sé ar cheann de na chéad bheartais cúraim maholaithigh a foilsíodh ar domhan agus tá an-mheas air go hidirnáisiúnta.

Ina dhiaidh sin, forbraíodh beartas tiomnaithe cúram mhaolaithigh do leanaí agus tá sé le fáil i Cúram Maolaitheach in Éirinn do leanaí a bhfuil riochtaí beatha-theorantacha orthu – Beartas Náisiúnta (2009).

Tá tiomantas sa Chlár Rialtais beartas cúraim mhaolaithigh 2001 a nuashonrú sa mhéid a bhaineann sé le haosaigh, chun athruithe ar dhéimeagrafaic an daonra agus an bealach a bhfuil seachadadh cúraim sláinte tagtha chun cinn ó 2001 a chur san áireamh.

Tá an suirbhé ar líne ar fáil ar fhón cliste, ríomhaire deisce agus táibléad

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat