Painéal Saineolaithe Tithe Altranais Covid-19 ag lorg aighneachtaí scríofa
- Foilsithe: 10 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá Painéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 ag lorg aighneachtaí scríofa mar chuid den obair atá á déanamh aige.
Bhunaigh an tAire an Painéal chun eolas agus moltaí fíor-ama a sholáthar láithreach i bhfianaise na himpleachta leanúnaí a bheidh ag COVID-19 ar Thithe Altranais sa tréimhse 12-18 mhí amach romhainn.
Mar chuid den phróiseas seo, tá an Painéal Saineolaithe ag tabhairt faoi phróisis chomhairliúcháin thapa chun deis rannpháirtíochta a chruthú do pháirtithe leasmhara éagsúla trí mhodhanna éagsúla.
Is mian leis an bPainéal Saineolaithe cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i bpróiseas achomair, spriocdhírithe rannpháirtíochta.
Is é an aidhm atá leis an rannpháirtíocht seo ionchur, tuiscint agus eispéiris maidir le paindéim COVID-19 a chur san áireamh mar aon leis na héifeachtaí a bhí ag an bpaindéim ar thithe altranais, le béim faoi leith ar fhreagairtí breise a phleanáil do thithe altranais sa tréimhse 18 mhí amach romhainn.
Is foinse ríthábhachtach faisnéise iad aighneachtaí, a chabhraíonn le bonn eolais a sholáthar don phlé a bheidh ar bun ag an bPainéal.
Má shíleann tú gur cheart aon ionchur, tuiscintí agus/nó eispéiris maidir le paindéim COVID-19 agus an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar thithe altranais a chur in iúl don Phainéal, tá fáilte romhat aighneacht a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm speisialta atá curtha ar fáil agus an fhoirm a sheoladh chuig NHExpert_Panel@health.gov.ie
Ó tharla go bhfuil a chuid oibre á déanamh ag an bPainéal ar bhonn práinne, ní ghlacfar le haighneachtaí i ndiaidh an spriocdháta atá sonraithe - Déardaoin, an 18 Meitheamh 2020.
Pléifear aighneachtaí a bheidh faighte roimh dheireadh an lae ar an dáta thuasluaite mar chuid den phlé a bheidh ar bun ag an bPainéal.
Tá iarrtha ag an bPainéal Saineolaithe ar an Roinn Sláinte eolas maidir leis an ngairm ar aighneachtaí a scaipeadh.
Beidh tuilleadh sonraí, lena n-áirítear an fhoirm chuí, le fáil thar oíche ag: www.gov.ie/en/collection/5f703-nphet-covid-19-subgroup-nursing-homes-expert-panel.
CRÍOCH