Plean Caipitil Sláinte 2023 - Infheistíocht os cionn €1 billiúin in infreastruchtúr Cúram Sláinte agus Sóisialta
- Foilsithe: 29 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Fógraíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, foilsiú phlean chaipitil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) inniu (29 Bealtaine 2023) don bhliain 2023.
Athdhearbhaíonn an Plean Caipitil 2023 tiomantas an Rialtais i leith infheistíocht inár seirbhís sláinte. Tacóidh an plean seo le hathchóiriú straitéiseach agus bogadh i dtreo cúraim níos fearr sa phobal agus cuireann sé le bearta a bhí ag teastáil de dheasca COVID-19.
Tá maoiniú caipitil sláinte de €967 milliún ar fáil in 2023 le haghaidh tógáil agus feistiú áiseanna cúraim sláinte, le €50 millliún sa bhreis ar fáil le haghaidh infreastruchtúr caipitil ó ghníomhartha COVID-19 agus €10 miliún ginte ó ioncam in 2022, €1.027 billiún ar an iomlán.
Is é an fís uileghabhálach agus treo polasaí fadtéarmach atá ann do chóras sláinte na hÉireann ná Cúram Sláinte Uilíoch a bhaint amach mar atá leagtha amach i gClár an Rialtais agus mar atá léirithe i dtosaíochtaí na n-airí don bhliain 2023. Cabhróidh an infheistíocht seo leis an FSS dul chun cinn a dhéanamh ar thograí thosaíochta an Rialtais lena n-áirítear an tOspidéal Nua do Leanaí a chríochnú, an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais a bhrú ar aghaidh, tionscnaimh Chúram Sláinte a chur chun cinn chun cúram a thabhairt níos gaire don bhaile, infheistíocht a choinneáil i miontionscnaimh chaipitil, seachadadh an trealaimh agus na gclár athsholáthair otharcharr agus an Bonneagar agus Straitéis Dícharbónaithe agus treochlár Forfheidhmithe a chur chun cinn i gcomhpháirtíocht le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.
Tá infheistíocht mar chuid den Phlean Caipitil ar athdhíriú an cúram a chuirtear ar fáil ó ospidéal géarmhíochaine i dtreo suíomhanna príomha agus pobail, agus ar aghaidh a thabhairt ar acmhainn agus easnamh infrastruchtúir atá sna seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an-áthas orm Plean Caipitil an FSS 2023 a fhaomhadh. Is plean é a léiríonn tiomantas an Rialtais infheistiú in infreastruchtúr cúram sláinte na hÉireann agus tacú leis an aistriú i dtreo cúram sláinte uilíoch."
"Tá na tograí sa phlean seo dírithe ar chúram sláinte agus sóisialta ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud na tíre laistigh de chomhthéacs ghníomhú ar son na haeráide. Mar chuid den phlean, tá dul chun cinn fós á dhéanamh ar thógáil foirgnimh nua, infreastruchtúr aosaithe a athsholáthar agus a uasghrádú, agus fócas leanúnach ar chúram sláinte a sholáthar sa phobal."
Mar chuid den phlean caipitil tá caiteachas €1.027 billiún ar thograí caipitil sláinte ar fud na tíre in 2023 lena n-áirítear:
- Ospidéal Nua do Leanaí
- Tograí ospidéil ghéarmhíochaine lena n-áirítear acmhainn, acmhainn cúraim chriticiúil agus seirbhísí máithreachais
- Infheistiú in infreastruchtúr agus áiseanna ag ionaid ailse sonraithe chun cosc, cóireáil, oideachas agus taighde ailse a bharrfheabhsú
- Mar chuid den Chlár Cúram Príomhúil tógfar agus feisteofar ionaid ar fud na tíre
- Mar chuid de Chlár Altranais Pobail an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (UFCS) déanfar athchóiriú ar chaighdeán na n-aonad UFCS ar fud na tíre
- Áiseanna meabharshláinte ar fud na tíre lena n-áirítear seribhísí meabhairshláinte do pháistí agus déagóirí agus ionaid mheabhairshláinte géarchúram
- Cóiríocht do Chúram Pobail Feabhsaithe
- Infheistiú i dtograí Tráma agua Athshlánaithe
- Infheistiú in athsholáthar trealaimh agus baol infreastruchtúir
- Infheistiú i dtograí Inbhuanaitheachta agus Gníomhaithe ar son na hAeráide
- Clár athsholáthair otharchairr agus athchóiriú bunáiteanna otharcharr
Beidh ar gach moladh ar fhorbairt chaipitil dul trí roinnt céimeanna faofa, ag teacht le cód caiteachais phoiblí. Ní dhéanfar an cinneadh deireanach dul ar aghaidh le tógáil togra ar bith go dtí go bhfuil an próiseas tairisceana déanta agus go dtí go bhfuil athbhreithniú déanta ar chostais le cinntiú go bhfanann an togra inacmhainne agus go seachadann sé luach ar airgead.
Tá cóip de Phlean Caipitil 2023 ar fáil anseo.