Plean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023 foilsithe ag an Aire Donnelly
- Foilsithe: 7 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu (an 07 Márta 2023) d'fhoilsigh an tAire Sláine, Stephen Donnelly, Plean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023. Sonraítear i bPlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023 na tosaíochtaí leanúnacha a bhaineann le leanúint ar aghaidh ag déileáil le liostaí feithimh i mbliana. Tá an 30 gníomh sa Phlean dírithe ar acmhainn a sholáthar, cúram sceidealaithe a athchóiriú agus athchóiriú cúraim sceidealaithe a chumasú.
Glacadh le cur chuige ilbhliantúil nua i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus amanna feithimh ospidéil a laghdú agus a athchóiriú go hinbhuanaithe. D'fhorbair an Roinn Sláinte, ag obair i ndlúthchomhar le Feidhmeannacht na Seirbhís Sláinte (FSS) agus leis an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC), Plean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023 mar an chéad chéim eile den chur chuige seo. Tá an Plean Gníomhaíochta uaillmhianach, agus tá sé ag díriú ar ghníomhaíocht bhreise shuntasach i rith na bliana chun liostaí feithimh a laghdú agus chun cabhrú linn amanna feithimh uasta Sláintecare a chomhlíonadh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:
“Ainneoin go dtuigeann comhaltaí an Rialtais go bhfuil na liostaí feithimh ospidéil do ghéarchúram sceidealaithe ospidéil i bhfad rófhada, agus go bhfuil go leor othar ag fanacht i bhfad rófhada le haghaidh cúraim, tá dul chun cinn áirithe le tabhairt faoi deara anois. Anuraidh, tugadh laghdú 11% faoi deara ar an líon daoine atá ag feitheamh ar chúram, i gcomparáid le spriocanna Sláintecare (56,000 duine fásta agus leanbh). Is ionann é seo agus laghdú i gcomparáid le buaicleibhéal Covid 24%.
"Chomh maith leis sin, tá tíortha ar fud an domhain ag tuairisciú go bhfuil níos mó brú ar a gcuid seirbhísí cúraim sláinte agus ar na liostaí feithimh gaolmhara mar gheall ar thionchar gan choinne na paindéime. Ainneoin, i gcomhthéacs chóras cúraim sláinte na hÉireann, gur bhain dúshlán leis na liostaí feithimh seo le blianta fada anuas, chuaigh rudaí chun donais i rith phaindéim COVID-19, agus tá na seirbhísí sláinte ag déileáil leis an éileamh ar fad anois. "
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly freisin:
“Táthar ag leanúint le gníomhaíocht a maoiníodh faoi Phlean 2023, ar cuireadh tús léi i mí Eanáir, gníomhaíocht atá ag cur leis an obair a tionscnaíodh i bPleananna Gníomhaíochta 2021 agus 2022. In 2023, tá €443 milliún leithdháilte sa Bhuiséad chun leanúint ar aghaidh leis an obair seo. De réir mar atá an phaindéim agus borradh COVID-19, an fhliú agus RSV an gheimhridh á ligean i ndearmad againn, gnéithe a raibh tionchar suntasach acu ar acmhainn ár n-ospidéal, tá rioscaí, toimhdí agus spleáchais shuntasacha fós ann a cheanglóidh maolú éifeachtach chun plean 2023 a chur i gcrích go rathúil. Mura mbeadh idirghabháil déanta trí Phlean 2022, meastar go mbeadh na liostaí feithimh méadaithe thart ar 42% go dtí breis is 1 mhilliún duine. Céim thábhachtach ba ea Plean Gníomhaíochta na bliana seo caite chomh fada is a bhain le hathchóirithe níos fadtéarmaí agus athruithe lánbhrí a achtú. Ainneoin go ndearnadh dul chun cinn dearfach, tá go leor oibre fós le déanamh.”
Áirítear i measc Bhuaicphointí Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023:
- Leithdháileadh €443 milliún i mBuiséad 2023 chun déileáil le liostaí feithimh.
- I bPlean 2023, leithdháiltear €363 milliún den mhaoiniú seo mar an chéad chéim eile den chur chuige ilbhliantúil chun liostaí feithimh agus amanna feithimh ospidéil a laghdú agus a athchóiriú go hinbhuanaithe.
- Leithdháileadh €80 milliún ar thionscnaimh éagsúla a bhain le cúram príomhúil/pobail.
- Tá Plean 2023 ag cur maoinithe ar fáil do FSS agus do CNCC chun liostaí feithimh ospidéil a laghdú 10% in 2023.
- Tá sé seo ag cur leis na laghduithe ar liostaí feithimh a baineadh amach i Ráithe 4 2021 agus arís in 2022.
- Is é an cuspóir traspháirtí comhaontaithe nach mbeadh aon duine ag feitheamh níos faide ná spriocanna Sláintecare (10 seachtaine i gcás Rannóg na nOthar Seachtrach, 12 seachtaine le haghaidh Othar Cónaitheach/Cásanna Lae/ionscópacht ghastraistéigeach).
- In 2022, laghdaigh an líon daoine a bhí ag feitheamh 11%, nó 56,000 duine, i gcomparáid le spriocanna Sláintecare.
- Ó bhuaicphointe na paindéime i leith tá laghdú 24% tugtha faoi deara ar an líon daoine atá ag feitheamh níos faide ná spriocanna Sláintecare.
- Baineadh thart ar 1.56 milliún othar agus cuireadh thart ar 1.53 milliún othar le liostaí feithimh gníomhacha ospidéil i rith 2022 – glanlaghdú de thart ar 30,000 duine (4.1%) go dtí thart ar 690,000.
- Áirítear sa €363 milliún i bPlean 2023 maoiniú athfhillteach de €123 milliún do FSS chun athchóirithe níos fadtéarmaí a chur chun feidhme cosúil le conairí cúraim nuachóirithe agus bearnaí acmhainne a dhúnadh.
- Chomh maith leis sin, tá maoiniú neamh-athfhillteach de €240 milliún á leithdháileadh ar CNCC agus FSS chun gníomhaíocht phoiblí agus phríobháideach bhreise a sholáthar chun déileáil leis an riaráiste cásanna a d'eascair as paindéim COVID-19.
- Is léir go bhfuil CNCC ag feidhmiú go héifeachtach chomh fada is a bhaineann le cúram a chur ar fáil d'othair. In 2022, bhain ceann dá thionscnaimh le hothair a bhí ag feitheamh níos mó ná sé mhí le haghaidh 15 ghnáthamh ardéilimh. I mbliana tá CNCC ag tacú leis an méid ama a laghdú go dtí trí mhí agus an líon gnáthamh ardéilimh a mhéadú go dtí 20.
- Dírítear i bPlean 2023 ar 30 gníomhaíocht i 3 réimse (Acmhainn a Sholáthar; Cúram Sceidealaithe a Athchóiriú; Athchóiriú Cúraim Sceidealaithe a Chumasú) agus beidh an obair seo á rialú ag Tascfhórsa na Liostaí Feithimh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly mar fhocal scoir:
“Trí Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023, tá mo Roinn, FSS agus CNCC ag tógáil na gcéad chéimeanna eile den chur chuige ilbhliantúil atá mar bhonn lenár bhfís - córas cúraim sláinte phoiblí den chéad scoth - a sholáthar a chinntíonn go beidh rochtain thráthúil agus thrédhearcach ag gach duine ar chúram sceidealaithe ar ardchaighdeán, áit a dteastaíonn sé, nuair a theastaíonn sé, de réir athchóirithe Sláintecare”.
Nótaí do na heagarthóirí:
Is é Plean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023 an chéad chéim eile den chur chuige ilbhliantúil seo agus toradh comhairliúcháin shuntasaigh idir an Roinn Sláinte, FSS agus CNCC.
I bPlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023, leithdháiltear €363 milliún den mhaoiniú seo mar an chéad chéim eile den chur chuige ilbhliantúil chun liostaí feithimh agus amanna feithimh ospidéil a laghdú agus a athchóiriú go hinbhuanaithe, maoiniú a áirítear ann:
- Maoiniú luach €123 milliún atá le cur ar fáil do FSS ar bhonn athfhillteach chun conairí cúraim nuachóirithe a chur chun feidhme agus chun déileáil ar bhealach inbhuanaithe le bearnaí acmhainne sa chóras.
- Luach €240 milliún de mhaoiniú athfhillteach do CNCC agus FSS chun leanúint ar aghaidh le gníomhaíocht phoiblí agus phríobháideach bhreise a sholáthar agus chun leanúint ar aghaidh leis an líon daoine atá ag feitheamh agus leis na hamanna feithimh a laghdú tuilleadh.
Leithdháileadh €80 milliún ar thionscnaimh éagsúla a bhain le cúram príomhúil/pobail, lena n-áirítear síneadh a chur leis an gclár Rochtain Dochtúirí Ginearálta ar Dhiagnóisic, mar chuid den €443 milliún a leithdháileadh i mBuiséad 2023 chun déileáil le liostaí feithimh.
D'fhonn leanúint le dlús a chur le cur chun feidhme athchóirithe fadtéarmacha agus leanúint ar aghaidh ag déileáil le riaráiste liostaí feithimh, dírítear i bPlean 2023 ar thrí phríomhréimse, a gcuimsítear iontu 30 gníomhaíocht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach atá le cur i gcrích i mbliana, chun na sprioclaghduithe atá luaite le liostaí feithimh agus amanna feithimh a chomhlíonadh:
- Acmhainn a Sholáthar in 2023: 11 ghníomhaíocht chun gníomhaíocht bhreise a sholáthar láithreach sa chóras príobháideach agus poiblí chun an líon daoine atá ag feitheamh agus na hamanna feithimh a laghdú. Tacóidh na gníomhaíochtaí le coinní OPD, gnáthaimh IPDC agus Scóipeanna GI breise in 2023, rud a bheidh mar bhonn leis an liosta feithimh a laghdú breis is 10% faoi dheireadh na bliana. Áirítear i measc na ngníomhaíochtaí eile gníomhaíochtaí a bhaineann le hacmhainn a sholáthar lena n-áirítear dlús a chur le forbairt cúig mhol máinliachta ag leibhéal náisiúnta chun acmhainn thiomnaithe a mhéadú le haghaidh gníomhaíocht roghnach inár n-ospidéil agus gníomh a bheidh mar bhonn le gníomhaíocht pobail bhreise chun liostaí feithimh le haghaidh seirbhísí ardtosaíochta a laghdú, go háirithe le haghaidh leanaí.
- Cúram Sceidealaithe a Athchóiriú: Ocht ngníomhaíocht chun dlús a chur le hathchóirithe meántéarmacha agus fadtéarmacha chun bacainní ar sholáthar tráthúil géarchúram sceidealaithe a réiteach. Áirítear anseo tuilleadh oibre chun conairí cúraim othair a nuachóiriú, trí chur chun feidhme iomlán seacht gconair tosaíochta agus tús a chur le cur chun feidhme 29 conair eile. Áirítear i measc na ngníomhaíochtaí athchóirithe eile atá le forbairt in 2023 cur chun feidhme athbhreithnithe otharthionscanta i 22 ospidéal mar chun den straitéis chun an líon coinní athbhreithnithe sceidealaithe ar fud an chórais a laghdú; agus socruithe áirithinte otharlárnacha a bhunú trí oifig lárnach atreoraithe, chun eispéireas othar a fheabhsú, a chinntiú go gcuirtear cúram ar fáil d'othair chomh tapa agus is féidir agus cleachtais sceidealaithe in ospidéil ghéarchúraim a athchóiriú.
- Athchóiriú Cúraim Sceidealaithe a Chumasú: 11 ghníomhaíocht chun dlús a chur le príomhbheartas, próiseas agus cumasóirí teicneolaíochta atá ríthábhachtach chun tacú leis an athchóiriú córais a theastaíonn chun rochtain ar chúram sceidealaithe a fheabhsú agus chun spriocanna uasta amanna feithimh Sláintecare a chomhlíonadh. Áirítear i measc na ngníomhaíochtaí atá sonraithe faoin gceannteideal seo forbairt agus soláthar prótacal bainistíochta liostaí feithimh, clár oiliúna agus forbartha agus forbairt bhonneagar TFC chun bailiú sonraí le haghaidh liostaí feithimh raideolaíochta a chumasú agus chun tacú le breise rannpháirtíochta fíorúla othar.