Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Sláinte, agus an Dr Tony Holohan le bheith ina Ollamh le Straitéis agus Ceannaireacht Sláinte Poiblí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Márta 2022
  • An t-eolas is déanaí: 5 Aibreán 2022

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tOllamh Linda Doyle, Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tar éis ceapadh an Dr Tony Holohan mar Ollamh le Straitéis agus Ceannaireacht Sláinte Poiblí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a fhógairt. Rachaidh an Dr Holohan i mbun an róil an 1 Iúil 2022.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Ó ceapadh é ina Phríomhoifigeach Leighis i mí na Nollag 2008, tá tionchar suntasach agus buan ag an Dr Holohan ar shláinte in Éirinn. Le linn a thréimhse mar Phríomhoifigeach Leighis, bhain Tony úsáid as a chumas ceannaireachta sláinte poiblí, in éineacht lena chuid scileanna agus léargais eile, chun eolas agus tionchar a imirt ar chinntí ag an leibhéal is airde chun sláinte an phobail a chosaint.

“Le linn na paindéime tá a chomhairle sárluachmhar domsa, agus don Rialtas tar éis múnlú a dhéanamh ar ár bhfreagairt ar COVID-19, agus chonaic mé go pearsanta a thiomantas gan staonadh do shláinte mhuintir na hÉireann a chosaint. Beidh ról ríthábhachtach aige i gcur i bhfeidhm a chuid eolais agus scileanna i bhforbairt na chéad ghlúine eile smaointeoireachta agus cleachtais i sláinte an phobail, agus guím gach rath ar Tony sa chaibidil nua spreagúil seo ina ghairm bheatha.”

Dúirt an tOllamh Linda Doyle, Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath:

“Tá Tríonóide anseo chun rudaí a fheabhsú agus tá traidisiún fada ag an ollscoil oibriú le seirbhísí sláinte sa réimse seo. Tá aithne maith ar an Dr Holohan as a sheirbhís don tír le dhá bhliain anuas ach tá neart le déanamh fós chun Éire a chosaint ar phaindéimí amach anseo. Tá tógtha orainn go mbeidh sé ag obair le comhghleacaithe acadúla eile i gColáiste na Tríonóide chun ceachtanna Covid a fhoghlaim agus ullmhú do na dúshláin seo amach anseo.

“Ní bheidh an Dr Holohan ceangailte le Scoil nó Disciplín amháin laistigh de Choláiste na Tríonóide. Ina áit sin, trasnaeoidh a ról Dámha na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta agus na nEolaíochtaí Sláinte, ag aithint castacht agus scóip na ndúshlán sláinte daonra sa ré nua-aimseartha”.

Dúirt an Dr Tony Holohan:

“Ba mhór an phribhléid dom fónamh mar Phríomhoifigeach Leighis agus deis a bheith agam a bheith páirteach go díreach i saincheisteanna a bhfuil tábhacht mhór leo agus atá ábhartha do shláinte mhuintir na hÉireann. Go háirithe, chruthaigh an dá bhliain seo a chuaigh thart dúshláin mhóra do shláinte an phobail ar fud an domhain agus ba mhór an onóir dom a bheith ag obair in éineacht le comhghleacaithe eisceachtúla sa Roinn Sláinte, FSS, an tseirbhís sláinte níos leithne agus ar fud an Rialtais. Le linn an ama seo, chonaic mé tiomantas comhghleacaithe do shláinte agus folláine daoine ar fud na hÉireann a chosaint.

“Táim an-tógtha leis an deis nua seo, agus táim ag tnúth le fuinneamh agus le díograis le bheith ag obair le Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus a fhoireann, agus tríd an méid sin leanúint ar aghaidh ag cur le feabhas a chur ar bheartas, cleachtas agus torthaí sláinte poiblí.

“Táim ag tnúth le mo thaithí, eolas agus scileanna a úsáid le cur ar chumas Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath rannchuidiú ceannródaíoch a dhéanamh chun eolas agus cleachtas na ceannaireachta sláinte poiblí in Éirinn a neartú.

“Anois níos mó ná riamh, tá gá le fócas láidir ar chosaint na sláinte poiblí agus ullmhacht le haghaidh éigeandálaí sláinte. Déanfaidh mé iarracht an deis seo a úsáid chun caidrimh agus comhoibrithe a dhoimhniú lena n-áirítear le hollscoileanna agus gníomhaireachtaí eile, leis an EDS agus le gníomhaireachtaí éagsúla an AE. Tá an oiread sin tarlaithe i sláinte an phobail le blianta beaga anuas – le chéile tá go leor le foghlaim againn agus go leor le gnóthú.”

CHRÍOCHNAÍONN

NÓTA D'EAGARTHÓIRÍ

Ceapadh an Dr Tony Holohan ina Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte i mí na Nollag 2008. Roimhe sin bhí sé ina Leas-Phríomhoifigeach Leighis ó 2001. Cháiligh sé mar dhochtúir ó UCD i 1991.

Chríochnaigh sé a intéirneacht in Ospidéal Naomh Uinseann i leigheas agus máinliacht. Chuir sé oiliúint ansin i gcleachtadh ginearálta i scéim oiliúna cleachtais ghinearálta Bhord Sláinte an Mheán-Iarthair. D’fhill sé go lánaimseartha ar UCD i 1995 chun Máistreacht sa tSláinte Phoiblí a dhéanamh agus ina dhiaidh sin clár oiliúna ceithre bliana sa leigheas sláinte poiblí faoi lucht choimirce Dhámh an Leighis Sláinte Poiblí i gColáiste Ríoga na Lianna na hÉireann.

Oideachas agus Cáilíochtaí

  • 1985-1991 MB BCh BAO, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • 1992 Dioplóma i Sláinte Leanaí, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • 1995 Ballraíocht de Choláiste Liachleachtóirí Ginearálta na hÉireann
  • 1995-1996 Máistreacht sa tSláinte Phoiblí, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • 1998 Ballraíocht de Dhámh an Leighis Sláinte Poiblí, CRLE
  • 1998 Dioplóma i mBainistíocht do Dhochtúirí Leighis, CRME
  • 2000 Teastas san Eacnamaíocht Sláinte, IPA

Gradaim agus Comhaltachtaí

  • 2021 Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath
  • 2021 Dámhachtainí Cúraim Sláinte na hÉireann, Ranníocaíocht Sármhaith le Leigheas na hÉireann
  • 2019 Comhaltacht Oinigh Dhámh an Leighis Spóirt
  • 2015 Dámhachtain Alumni UCD, Sláinte Poiblí
  • 2010 Comhaltacht Oinigh de chuid Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann
  • 2007 Bonn Charles Cully (Cumann Ailse na hÉireann)
  • 2006 Comhaltacht Dhámh an Leighis Sláinte Poiblí, CRLE

Príomh-éachtaí agus garspriocanna

Le linn a thréimhse mar Phríomhoifigeach Leighis, bhí baint dhíreach ag an Dr Holohan le raon leathan forbairtí suntasacha lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • 2008 Freagra sláinte an phobail ar éilliú dé-ocsaine ar tháirgí muiceola
  • 2009-2011 Freagra sláinte an phobail ar Phaindéim Fhliú na Muc
  • 2009 - faoi láthair Beartas náisiúnta maidir le himdhíonadh lena n-áirítear vacsaíní meiningeacocúla, HPV agus rótaivíris
  • 2009 - faoi láthair Reachtaíocht tobac lena n-áirítear pacáistiú caighdeánaithe, caitheamh tobac i gcarranna agus trasuíomh na Treorach um Tháirgí Tobac
  • 2009 - faoi láthair Beartas tobac, lena n-áirítear I dTreo Éire Saor ó Thobac
  • 2009- faoi láthair Beartas Náisiúnta um Ghalair Ainsealach lena n-áirítear galar cardashoithíoch
  • 2009-2020 Beartas scagthástála maidir le hailse chalaireicteach, ailse chíche, ailse cheirbheacsach, scagthástáil nuabheirthe (brí sála) lena n-áirítear bunú an Choiste Náisiúnta Scagthástála
  • 2010-2020 Beartas ar Shláinte Chomhshaoil lena n-áirítear trasuíomh na Treorach Bunchaighdeáin ar nochtadh do rad ianaíoch
  • 2010-2020 Beartas ar Shábháilteacht Bia
  • 2010 Coiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Chliniciúil a bhunú
  • 2012 An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ciorrú Giniúna Mná).
  • 2012 An Straitéis Náisiúnta um Mí-Úsáid Substaintí
  • 2013 Éire Shláintiúil: Creat le haghaidh Sláinte agus Folláine Feabhsaithe agus Oifig Éire Shláintiúil a Bhunú
  • 2013-2019 Foirceannadh Toirchis: Tuarascáil ABC, leasú ar an mbunreacht, reachtaíocht (Achtanna 2013 agus 2018) agus tús le seirbhís nua in 2019
  • 2014 Plean Náisiúnta d’Éirinn um Ghalair Neamhchoitianta
  • 2014 Imscrúdú agus freagairt beartais ar bhásanna Nua-naíoch in Ospidéal Phort Laoise
  • 2015 Reachtaíocht chun socrú a dhéanamh don Acht um Threoracha Ard-Chúram Sláinte (Cinntí Cuidithe (Cumas)) 2015
  • 2015 Tuarascáil Bhliantúil Táscairí Cáilíochta Cúraim Sláinte Náisiúnta a bhunú
  • 2015 Suirbhé Bliantúil Éire Shláintiúil a Bhunú
  • 2015 An Straitéis Náisiúnta Sláinte Ghnéis 2015 – 2020
  • 2015 Tuarascáil Bhliantúil Táscairí Cúraim Sláinte Cáilíochta Náisiúnta
  • 2016 Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Othar a Bhunú
  • 2016 Líonra Cathracha agus Contaetha Sláinte a Bhunú
  • 2016 Creat um Fhórsa Saothair Sláintiúil a Bhunú
  • 2016 Meáchan Sláintiúil d’Éirinn: Beartas agus Plean Gníomhaíochta maidir le Murtall 2016 – 2025
  • 2016 Get Ireland Active! Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil d’Éirinn
  • 2017 Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Frithmhiocróbach 2017 – 2020
  • 2017 Suirbhé Bliantúil Náisiúnta ar Eispéireas Othar a Bhunú
  • 2017 Beartas ar Atáirgeadh Daonna Cuidithe
  • 2018 Tobhach ar Dheochanna Milsithe Siúcra
  • 2018 An tAcht Sláinte Poiblí (Alcól).
  • 2019 An Bille Náisiúnta um Fhaisnéis Sláinte agus Sábháilteacht Othar
  • 2020 – faoi láthair. Freagairt shláinte an phobail ar COVID-19