Ráiteas ón Aire Sláinte - an 23 Samhain 2022

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Sláinte - an 23 Samhain 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Samhain 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fháiltigh an tUasal Stephen Donnelly, TD, an tAire Sláinte, inniu roimh fhoilsiú Athbhreithniú Deiridh an Dr Gabriel Scally ar chur i bhfeidhm moltaí a Fhiosrúcháin Scóipe.

“Chuir an Dr Gabriel Scally go mór le sláinte na mban agus le scagthástáil ceirbheacs in Éirinn a fheabhsú. Féachfar siar ar a Fhiosrúchán Scóipe mar thráth cinniúnach i stair chúram sláinte na hÉireann, creidim, agus tabharfar creidiúint dó mar is ceart as saol na mban sna glúnta amach romhainn a fheabhsú.

“Is díol suntais obair an Dr Scally as a thiomantas d’othair a bheith páirteach agus as a dhiongbháilteacht a chinntiú go gcloistear glór na n-othar sin. Bhí obair na n-ionadaithe othar, 221+ san áireamh, chun an rannpháirtíocht sin a éascú ríthábhachtach agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dá ról freisin.

“Tá áthas orm tráchtaireacht dhearfach an Dr Scally a fheiceáil ar na feabhsuithe suntasacha atá déanta ar ár gclár scagthástála CervicalCheck, lena n-áirítear rialachas níos fearr, an t-aistriú chuig scagthástáil phríomhúil HPV agus an córas Dearbhú Cáilíochta atá i bhfeidhm anois do sheirbhísí saotharlainne.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'ábhair imní an Dr Scally maidir le nochtadh oscailte. Tá macántacht agus trédhearcacht ríthábhachtach i gcúram sláinte agus ba cheart iad a bheith leabaithe i gcultúr na seirbhíse sláinte. Tá sé de cheart ag othair agus cúramóirí fios a bheith acu nuair a dhéantar botúin, cad iad na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann, agus cén gníomh atá á dhéanamh, ní hamháin chun botúin a cheartú ach chun teagmhais den chineál céanna a chosc sa todhchaí.

“Soláthraíonn an Bille um Shábháilteacht Othar (Teagmhais Sábháilteachta Othair Infhógartha), 2019 creat reachtach do roinnt saincheisteanna tábhachtacha sábháilteachta othar, lena n-áirítear nochtadh oscailte éigeantach agus sainchúram HIQA a leathnú isteach i seirbhísí ospidéil phríobháidigh.

"Le húsáid scagthástála príomhúla HPV agus infhaighteacht mhéadaithe na vacsaíne HPV is féidir linn ailse cheirbheacs a dhíothú laistigh dár saolré.

“Tá rún daingean agam, mar atá ag gach duine a bhfuil baint acu le soláthar cúram sláinte na mban, leis an ardmhian sin a fhíorú."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat