Ráiteas ón Aire Sláinte - Dé Máirt 14 Meitheamh 2022

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Sláinte - Dé Máirt 14 Meitheamh 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Meitheamh 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Níl aon chinneadh maidir le moladh FSS i leith aistriú na Roinne Éigeandála ag Ospidéal Mhuire na hUaimhe (OLHN) aontaithe ag an rialtas seo.

Tá cúiseanna imní cliniciúla ar FSS faoi shábháilteacht na Roinne Éigeandála san Uaimh.

D’iarr mé ar FSS na cúiseanna imní sin a leagan amach agus dul i gcomhairle le hionadaithe tofa thar ceann an phobail áitiúil. Tharla an cruinniú sin inné (Dé Luain, 13 Meitheamh).

Chuala mé go soiléir cúiseanna imní na gcliniceoirí san Uaimh maidir leis na buarthaí sábháilteachta leanúnacha a bhaineann le Roinn Éigeandála bheag a oibriú. Tá cúiseanna imní de chuid cliniceoirí in ospidéil eile a mbeadh tionchar orthu ag am a bhfuil na seirbhísí sláinte ar fad faoi bhrú den sórt sin cloiste agam freisin.

Chaithfí dul i ngleic go hiomlán le roinnt saincheisteanna tábhachtacha, lena n-áirítear acmhainn bhreise in ospidéil eile a mbeadh tionchar orthu, chomh maith le cumas leanúnach daoine i gceantar na hUaimhe rochtain a fháil ar chúram práinneach agus éigeandála, sula dtarlóidh aon aistriú beartaithe de chuid FSS.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat