English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Sláinte Stephen Donnelly maidir le Tragóid an Chraoslaigh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh leo siúd go léir a ndeachaigh an tragóid uafásach a tharla sa Chraoslach, Co. Dhún na nGall i bhfeidhm orthu . Fearacht go leor daoine eile ar fud na tíre, baineadh siar asam agus táim faoi bhrón ag an eachtra choscrach a tharla inné.

Is trua liom na teaghlaigh a chaill daoine muinteartha leo agus táim ag smaoineadh orthu siúd atá ag teacht chucu féin agus ar an bpobal áitiúil sa Chraoslach.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach ball den phobal, leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, leis an mBriogáid Dóiteáin agus le foireann Ospidéal Leitir Ceanainn a d'fhreagair go tapa agus a d'oibrigh go dian dícheallach ar feadh na hoíche sa chás tubaisteach seo. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil freisin le baill foirne ó Sheirbhís Otharcharranna agus Aerárthach Othar Thuaisceart Éireann a tháinig i gcabhair ar a gcomhghleacaithe.