An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Ráiteas ón Aire Sláinte tar éis deireadh a bheith curtha leis an ionchoisne faoi bhás Aoife Johnston
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
"Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le tuismitheoirí agus deirfiúracha Aoife a chaill a n-iníon agus a ndeirfiúr go tragóideach in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach.
"Bhuail mé le tuismitheoirí Aoife i mí Eanáir agus táim ag smaoineamh orthu tar éis seachtaine thar a bheith deacair.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCróinéir as a chuid oibre ar fad an tseachtain seo, ach tuigim nach ndéanfaidh aon rud cúiteamh ar an gcaillteanas ollmhór a tharla do mhuintir Johnston.
"Déanfar breithniú iomlán ar mholtaí an Chróinéara, chomh maith le hobair an Phríomh-Bhreithimh Frank Clarke atá ar scor agus atá le bailchríoch a chur lena fhiosrúchán neamhspleách sna seachtainí amach romhainn."