English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 1 Iúil 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 3 duine a raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.

Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,738* san iomlán.

Amhail meán oíche Dé Máirt, an 30 Meitheamh, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 6 chás dearbhaithe de COVID-19. Tá 25,477** cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.

Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de chás dearbhaithe a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.

Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le eochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:

“Is í an chomhairle atá á eisiúint ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí fós ná taisteal nach bhfuil riachtanach a sheachaint.

“Tá rabhadh tugtha ag an EDS go bhfuil an phaindéim dhomhanda ag géarú. An tseachtain seo caite, tuairiscíodh os cionn 160,000 cás gach lá.

“Buailfidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile arís amárach (Déardaoin 2 Iúil) chun leanúint le monatóireacht a dhéanamh ar scaipeadh COVID-19 go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairt agus ullmhacht na hÉireann ar an ngalar.”

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:

“I Meitheamh, bhí baint ag 31 cás COVID-19 in Éirinn leis an taisteal. Beidh sé dúshlánach cothromaíocht a aimsiú chun an galar a choimeád smachtaithe de réir mar a athosclaíonn an tsochaí agus gnólachtaí. Tá Comhairle Sláinte Phoiblí ar fáil i gcónaí ar [external-link https://www.gov.ie/en/publication/472f64-covid-19-coronavirus-guidance-and-advice/ | gov.ie/health ] and [external-link https://www.hse.ie/eng/ | hse.ie ].”

Deireadh

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 1 bás a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 1,738.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 2 chás deimhnithe a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr de 25,477 cás dheimhnithe