Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine 14 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 14 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2020
Níor cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuair aon duine bás de bharr COVID-19 a bheith orthu.
Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,772 san iomlán.
Amhail meán oíche Déardaoin, 13 Lúnasa, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 67 cás dearbhaithe de COVID-19. Tá 26,995* cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.
De na cásanna a tuairiscíodh inniu:
- is fir iad 35 / is mná iad 32
- tá 70% faoi bhun 45 bliain d’aois
- tá sé dearbhaithe go mbaineann 38 le ráigeanna nó is dlúth-theagmhálaí iad de chás deimhnithe
- is de bharr tras-seoladh pobail iad 16 chás
- tá 18 cás in mBaile Átha Cliath, 17 i gCill Dara, 9 sa Chlár, 5 i Luimneach, agus 18 cás eile scaipthe ar fud na contaetha Ceatharlach, Corcaigh, Dún na nGall, Laois, Loingfoirt, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Loch Garman agus Cill Mhantáin
Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de na hothair a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte:
"Tá sé feicthe againn go bhfuil líon na gcásanna ag dul i méid ar fud na tíre an tseachtain seo. Ní mór dúinn leanúint orainn ár ndícheall a dhéanamh ionas nach bhfillfimid ar an áit ina rabhamar i Márta agus in Aibreán.
"Tá méadú feicthe againn freisin i meánlíon na dteagmhálaithe de chásanna deimhnithe suas go dtí 6. Tá sé ríthábhachtach líon na dteagmhálaithe a choimeád íseal chun cosc a chur ar scaipeadh an ghalair seo.
"Táimid go léir freagrach chun cosc a chur air seo. Baineann an scaradh sóisialta le gach aoisghrúpa – pé áit a bhfuil tú an deireadh seachtaine seo, fan amach ó dhaoine eile."
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis cás deimhnithe amháin a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 1,772.
Nótaí don Eagarthóir:
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
- Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
- Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
- Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
- Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
- Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd:
- fiabhras (ardteocht - 38 céim Celsius nó os a cionn)
- casacht- is féidir le haon saghas casachta a bheith i gceist leis seo, seachas díreach casacht thirim
- gearranáilnó deacrachtaí anála
- caillteanas bolaidh nó má thagann athrú ar do bholadh nó do bhlas
- comharthaí ar nós fliú