English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin 20 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin (1) a raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.

Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,776 san iomlán.

Ag meán oíche Dé Céadaoin, 19 Lúnasa, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 136 cás dearbhaithe de COVID-19. Tá 27,676 cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.

De na cásanna a tuairiscíodh inniu;

  • Is fir iad 54 / is mná iad 81
  • Tá 78% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • Baineann 57 le ráigeanna nó is dlúth-theagmhálaí iad de chás deimhnithe
  • Is de bharr tras-seoladh pobail iad 11 cás
  • Tá 51 cás i mBaile Átha Cliath, 24 i gCill Dara, 12 i gCill Chainnigh, 11 i dTiobraid Árann, 7 i gCorcaigh, 6 i Luimneach, 6 i Loch Garman, 5 sa Mhí agus an 14 cás eile i gCeatharlach, i gCabhán, inDún na nGall, i nGaillimh, i Maigh Eo, in Uíbh Fhailí, i Ros Comáin, i bPort Láirge agus i gCill Mhantáin.

Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de na hothair a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.

Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le heochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte;

“Is í an phríomhteachtaireacht ó NPHET an tseachtain seo ná do líonra sóisialta a shrianadh. Cloigh le huasmhéad de 6 duine ó 3 teaghlach ar a mhéad laistigh, agus 15 duine lasmuigh. Déan measúnú riosca ar do thimpeallacht agus ná fan mura mbraitheann sé sábháilte. Cuimhnigh go bhfuil grúpaí móra ag teastáil ón víreas a bhailíonn le chéile ionas go mbeidh sé ábalta scaipeadh.Ná tabhair an deis dó. Is féidir linn leanúint orainn an galar seo a chur faoi chois in Éirnn trí oibriú le chéile agus fanacht amach as a chéile.”

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach na hÉireann um Shamaltú Eipidéimeolaíochta de chuid NPHET:

“Tá an uimhir-R anois ag nó os cionn 1.2. Tá dhá chúis imní ann anois, tá líon na gcásanna nua in aghaidh an lae fós ard agus tá athrú tagtha ar an bpátrún ó ráigeanna móra i dtimpeallachtaí faoi leith go dtí ráigeanna i bhfad níos lú agus atá i bhfad níos scaipthe ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag na bearta, a fógraíodh an tseachtain seo agus a iarrann orainn fanacht amach as a chéile, COVID-19 a chosc i measc an phobail.”

Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúram Comhtháite, FSS;

“Chun do chion a dhéanamh, ní mór bheith i láthair chun go ndéanfaí tástáil ort nuair atá gá leis.I gceist leis seo tá tástáil thosaigh agus tástáil eile ina dhiaidh sin laistigh de seacht lá. Trí chloí leis an sraith tástála seo, tá tú ag laghdú an bhagairt ata ann den tras-seoladh gan siomptóim agus mar sin, tá tú ag cahbrú cosc a chur ar an ngalar.”

Inniu, tá torthai foilsithe ag FSS den Staidéar chun Imscrúdú a dhéanamh ar an Ionfhabhtú COVID-19 i nDaoine atá ina gCónaí in Éirinn (Study to Investigate COVID-19 Infection in People Living in Ireland, SCOPI): Staidéar séirealeitheadúlachta náisiúnta, Meitheamh-Iúil 2020. Rinne an staidéar, an chéad cheann dá leithéid in Éirinn, antasubstaint i leith an víris SARS-CoV-2 a thomhas, a léiríonn go raibh ionfhabhtú ann am éigin le COVID-19. Tuairiscítear sa staidéar go bhfuil leitheadúlacht infhabhtaithe 0.6% i Sligeach agus 3.1% i mBaile Átha Cliath. Bunaithe ar na torthaí seo, measann HPSC go bhfuil ráta leitheadúlachta náisiúnta ann de 1.7%.

Dúirt an Dr Derval Igoe, Príomhthaighdeoir don staidéar SCOPI ag an HPSC:

“Ní haon ionadh é go bhfuil séirealeitheadúlacht náisiúnta measartha íseal 1.7% anseo. I dtíortha eile san Eoraip, cosúil leis an Spáinn agus an Iodáil, ina raibh epidéim i bfad níos mó, tuairiscítear go bhfuil séirealeitheadúlacht náisiúnta measta de 5% agus 2.5% faoi seach. Ciallaíonn sé seo nach raibh an víreas SARS-CoV-2 tolgtha ag formhór mór na ndaoine a bhí ina gcónaí in Éirinn nuair a rinneadh an staidear. Mar shochaí, ní mór dúinn leanúint lenár mbearta sláinte poiblí, lena n-áirítear an scaradh sóisialta, béasaíocht riospráide, sláinteachas láimhe agus úsáid a bhaint as aghaidhmhaisc, go dtí go mbeidh vacsaín don COVID-19 ar fáil.”

DEIREADH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 7 gcás a deimhnithe a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 27,676.