Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - 16 Aibreán 2021
- Foilsithe: 16 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 11 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
As na básanna a tugadh le fios inniu, tharla 3 bhás in Aibreán, 1 bhás i Márta, 2 bhás i bhFeabhra agus tharla 5 bhás in Eanáir nó níos luaithe.
Is é 88 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise 77-94 bliain.
Tá 4,831 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 15 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 420 cás deimhnithe de COVID-19.
Tá 242,819* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 242,819 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir 218 díobh agus mná 197 díobh
- tá 74% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 32 bliain an mheánaois
- tá 147 cás i mBaile Átha Cliath, 41 sa Mhí, 33 i nDún na nGall, 26 i nGaillimh, 18 i Luimneach agus tá an fuílleach 155 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir
Amhail 8am inniu, tá 190 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 53 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 12 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 14 Aibreán 2021, tugadh 1,121,003 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
- Tá a gcéad dáileog faighte ag 789,526 duine.
- Tá a dara dáileog faighte ag 331,477 duine.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- Ráta na dteagmhas 7 lá 55.9 cás
- Meán gluaisteach 5 lá 381 cás