Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta
- Foilsithe: 28 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 1,408* cás dearbhaithe COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 152 othar le COVID-19 san ospidéal, agus tá 26 acu sin in Aonad Dianchúraim.
Dúirt an Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Faoi láthair, tá 2% de na cásanna á gcur san ospidéal. Tá a fhios againn go mbeadh i bhfad níos mó cásanna agus daoine á gcur san ospidéal murach an dul chun cinn mór atá á dhéanamh maidir le glacadh le vacsaíniú. Caithfimid cloí leis seo agus muid ag bogadh chun na grúpaí atá fágtha, den chuid is mó níos óige, dár ndaonra a vacsaíniú.
“Da mhéad daoine a vacsaínítear sa tír seo, is lú an deis a bheidh ag COVID-19 droch-thinneas agus cur isteach a chur orainn. Má tá tú incháilithe do vacsaíniú COVID-19 agus mura bhfuil tú cláraithe fós, déan é sin a luaithe is féidir.”
“Má tá tú ag fanacht le vacsaíniú iomlán, lean ort ag leanúint na comhairle sláinte poiblí; bainistigh do theagmhálacha sóisialta, buail le daoine lasmuigh, fan 2 mhéadar óna chéile, caith clúdaigh aghaidhe, nigh/díghalraigh do lámha go rialta agus seachain taisteal neamhriachtanach thar lear. Má tá siomptóim slaghdáin agus fliú ort: tinneas cinn, scornach tinn, srón ag sileadh, fan sa bhaile agus déan tástáil a luaithe is féidir do COVID-19.”
Dúirt An Dochtúir Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte; >“Tá tionchar an-dearfach ag vacsaíniú ar phróifíl riosca COVID-19 in Éirinn. De réir mar a fhaigheann níos mó daoine vacsaíniú iomlán is féidir linn a bheith ag súil go bhfeicfimid cion níos airde cásanna i ndaoine atá vacsaínithe go hiomlán. Ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil vacsaíní ag obair agus, dóibh siúd a fuair vacsaíniú iomlán, tá a riosca breoiteachta trom nó ospidéil mar thoradh ar COVID-19 i bhfad níos ísle ná mura mbeidis vacsaínithe.
“Tá sé ríthábhachtach go dtapóidh an oiread daoine agus is féidir an deis vacsaíniú a fháil sna seachtainí atá amach romhainn – chun iad féin a chosaint agus chun a dteaghlaigh agus cairde a chosaint. Osclófar ionaid siúil isteach an deireadh seachtaine seo – tapaigh an deis vacsaíniú a fháil.”
Dúirt An tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíoch na hÉireann NPHET,
“Inniu táimid ag tuairisciú 1,408 cás de COVID-19 le haois mheánach de 24. Ciallaíonn an treocht reatha den athraitheach Delta níos inaistrithe ar fud na tíre go bhfanann daoine ag riosca ard COVID-19 a tholg.
“Ciallaíonn an luas ag a bhfuil ár gclár vacsaínithe ag feidhmiú nach fada go mbeidh tú in ann vacsaín a fháil. Idir an dá linn, ba cheart do dhaoine neamhvacsaínithe glacadh le gach réamhchúram sláinte poiblí chun tolgadh an ghalair a sheachaint.”
Dúirt An tOllamh Karina Butler, Cathaoirleach an Choiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta;
“Scrúdaigh agus mhol An Coiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta úsáid vacsaíní mRNA do dhaoine idir 12-15 bliana d’aois. Mheas trialacha cliniciúla go raibh éifeachtúlacht na vacsaíní Pfizer agus Moderna 100% sna haoisghrúpaí seo, rud a fhágann go raibh siad thar a bheith éifeachtach chun ionfhabhtú a chosc san aoisghrúpa seo.
“Mholfainn go láidir dóibh siúd atá 12-15 bliana d’aois a bhfuil bunghalair acu, dóibh siúd atá ina gcónaí le páiste níos óige le riachtanais mhíochaine chasta, nó le duine fásta imdhíon-lagaithe glacadh le vacsaíniú a luaithe is féidir.”
Dúirt An Dochtúir Cillian De Gascun, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Saotharlainne Náisiúnta Tagartha Víreas;
“Le níos mó ná 90% de na cásanna go léir mar thoradh ar an athraitheach Delta níos inaistrithe, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag tabhairt aire aonair go dtí go mbeidh gach duine againn vacsaínithe go hiomlán.”
Cláraigh chun do vacsaín COVID-19 a fháil.
(*Féadfaidh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.)