English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin 30 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu gur bhásaigh 13 duine breise i gcúiseanna a raibh baint acu le COVID-19.

Go dtí seo tá 2,226 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Máirt, an 29 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas maidir le 1,718 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 90,157 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 853 agus is mná iad 863
  • tá 66% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • is í 34 an mheánaois
  • 358 i mBaile Átha Cliath, 164 i gCorcaigh, 155 i Lú, 150 i nDún na Gall, 112 i nGaillimh agus tá na 779 cás eile scaipthe ar fud gach contae eile

Amhail 2pm inniu, tá 455 othar COVID-19 san ospidéal as a bhfuil 37 san aonad dianchúraim. Tugadh 60 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:

"Níl Éire i gcéim srianta a thuilleadh agus tá sí ar ais i gcéim mhaolaithe. Ag cur san áireamh na leibhéil tras-seolta atá ann faoi láthair i measc an phobail, ba chóir do gach duine a bheith airdeallach go bhfeádfadh sé nó sí a bheith tógálach.

"Tá sé ríthábhachtach nach mbeidh teagmháil againn ach lenár dteaghlach féin anois, go gcuirfimid srian ar ár ngluaiseachtaí agus nach dtabharfaimid tuilleadh deiseanna scaipthe do COVID-19.

"Ní mór do gach duine fanacht sa bhaile seachas má tá obair nó cúram bunriachtanach i gceist. Ní hé seo an t-am cuairt a thabhairt ar dhaoine."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach na hÉireann um Shamaltú Eipidéimeolaíochta de chuid NPHET:

"Tá an uimhir atáirgthe an-ard agus meastar go bhfuil sí anois ag 1.6 – 1.8. Meastar go bhfuil ráta fáis de 7-10% ann in aghaidh an lae agus méadú faoi dhó ann gach 7-10 lá.

"Ní mór dúinn gníomhú láithreach ionas nach dtiocfaidh cúinsí chun cinn atá deacair a shamhlú, cúinsí ina mbeidh líon na gcásanna i gceann 7 go 10 lá dhá uair chomh ard is atá siad inniu. Fan sa bhaile."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar Chlár Eolais COVID-19 maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail.

CRÍOCH