English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 08 Meán Fómhair 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,545* cás deimhnithe de COVID-19.

Amhail 8am inniu, tá 335 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 56 astu siúd san aonad dianchúraim.

Tá 5,155 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19. Áirítear leis seo 43 bás a fógraíodh as an nua le seachtain anuas (ó Dé Céadaoin an tseachtain seo caite).

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Ar an iomlán, tá leitheadúlacht ionfhabhtaithe COVID-19 ag dul i léig fud fad na tíre, is é an meán gluaisteach cúig lá 1,407 cás agus tugaimid faoi deara go bhfuil seasmhacht á baint amach sa mhéid daoine atá á dtabhairt chuig an aonad dianchúraim agus go dtí an t-ospidéal.

"Tá laghdú mó ag teacht ar leitheadúlacht COVID-19 i measc ógánach agus daoine fásta óga agus tá comharthaí luatha is ábhair spreagtha dúinn á dtabhairt faoi deara sa mhéid go bhfuil buaic bainte amach ag an ráta ionfhabhtaithe i measc leanaí ar aois scoile. Leanfaidh an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta le monatóireacht a dhéanamh ar an treocht seo sna seachtainí amach romhainn.

"Leanann vacsaíniú leis an gcosaint is fearr a chur ar fáil in aghaidh na n-éifeachtaí is déine atá ag COVID-19, daoine a thabhairt chuig an ospidéal agus bás san áireamh.

"Spreagtar go mór aon duine nach bhfuil vacsaín faighte acu go fóill chun amhlaidh a dhéanamh. Tá suíomhanna áitiúla vacsaínithe ar fáil ar [external-link https://www2.hse.ie/screening-and-vaccinations/covid-19-vaccine/get-the-vaccine/find-a-covid-19-vaccination-centre/ | hse.ie ]”

CRÍOCH

  • D’fhéadfadh athrú teacht ar líonta cásanna laethúla mar gheall ar bhailíochtú sonraí a dhéanfar amach anseo.