Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 25 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 25 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 2,051* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 323 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 56 astu siúd san aonad dianchúraim.
Fógraíodh go bhfuil 5092 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Cé go bhfuil leibhéil mhéadaitheacha de vacsaíniú ann i measc an daonra, leanann buarthaí móra a bheith orainn faoi leagan Delta agus faoin méadú atá tagtha ar leitheadúlacht an ghalair i measc réimse tosca. Ar an drochuair, tá an leagan seo á scaipeadh go fairsing go fóill.
“Tá breis agus 70% de chásanna ann i measc daoine nach bhfuil vacsaínithe nó atá vacsaínithe go páirteach agus tá leitheadúlacht ard COVID-19 á tabhairt faoi deara againn i measc daoine fásta agus déagóirí idir 16 agus 29 bliain d’aois. Murar chláraigh tú go fóill do do vacsaín nó má chuir tú moill ar do dara dáileog a fháil, faigh é, le do thoil, a luaithe agus is féidir. Is eol dúinn go n-oibríonn vacsaíní. Tá siad thart ar 80% éifeachtach i dtaobh cosc a chur ar chomharthaí COVID-19 agus cuireann siad cosaint thart ar 95% ar fáil in aghaidh daoine a thabhairt chuig an ospidéal.
“Tá sé an-tábhachtach go leanaimid de bheith airdeallach agus go leanaimid ag cloí leis na bearta sláinte poiblí a bhfuil an-chur amach againn go léir orthu. Baineann tábhacht ar leith leis seo i gcás aon duine a fhillfidh ar an scoil nó an coláiste go luath.
“Leanaigí le masc a chaitheamh, nígí bhur lámha go hiomlán agus go minic, coimeádaigí fad sóisialta amach ó dhaoine eile, déanaigí bainistiú ar bhur dteagmhálaithe agus seachnaígí sluaite.”