English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 25 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 6 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Fuair 2,033* duine, ar an iomlán, bás in Éirinn a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Déardaoin, an 24 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 269 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 71,187** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Fir 123 díobh / mná 146 díobh
  • Tá 64% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 35 bliain an mheánaois
  • Tá 88 cás i mBaile Átha Cliath, 42 i gCorcaigh, 25 i Luimneach, 20 i Lú, 16 i nDún na nGall agus tá an fuílleach 78 cás leata i measc 17 gcontae eile.

Amhail 2pm inniu, tá 260 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 36 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 23 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh bás amháin a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 2,033 bás.

** Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 12 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 71,187 cás deimhnithe.

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 24 Samhain 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 24SAM2020) Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 11SAM2020 go dtí an 24SAM2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 11SAM2020 go dtí an 24SAM2020)
Éire 269 105.5 5,026
Dún na nGall 16 222.4 354
20 208.7 269
Luimneach 25 188.8 368
Port Láirge <5 140.3 163
Ros Comáin 0 128.6 83
Baile Átha Cliath 88 117.4 1,582
An Mhí 12 115.4 225
An Iarmhí <5 108.1 96
Uíbh Fhailí <5 105.2 82
An Longfort 7 102.8 42
Muineachán <5 102.6 63
Cill Chainnigh <5 101.8 101
An Cabhán 6 90.6 69
Tiobraid Árann <5 86.5 138
Maigh Eo 6 85.8 112
Corcaigh 42 84.6 459
Cill Dara 10 80.4 179
An Clár <5 80.0 95
Cill Mhantáin 12 76.5 109
Ceatharlach <5 72.0 41
Sligeach 0 64.1 42
Gaillimh <5 62.0 160
Liatroim 0 56.2 18
Laois 5 54.3 46
Ciarraí 5 52.8 78
Loch Garman 0 34.7 52