English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 29 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 2 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 2,052 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 28 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 299 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 72,241 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 158 díobh agus mná 141 díobh
  • tá 67% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 34 bliain an mheánaois
  • tá 94 cás i mBaile Átha Cliath, 41 i nDún na nGall, 27 i gCill Mhantáin, 14 i Lú, 13 i Luimneach agus tá an fuílleach 110 cás leata i measc 20 contae eile

Amhail 2pm inniu, tá 257 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 30 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 7 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH