Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 30 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 30 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2020
Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,777 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 29 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 42 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 28,760* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir 20 díobh agus mná 22 díobh
- tá 71% díobh faoi 45 bliain d’aois
- deimhníodh go mbaineann 15 chás le briseadh amach nó le teagmháil dhlúth le cás deimhnithe
- sainaithníodh 6 chás mar chásanna a tarchuireadh sa phobal
- tá 24 cás i mBaile Átha Cliath, tá 6 i Luimneach, agus tá an fuílleach 12 chás i gCeatharlach, an Clár, Gaillimh, Cill Dara, an Longfort, Uíbh Fhailí agus Sligeach
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.