English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 4 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 3 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 4,718 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 19 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 457 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 238,148* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Amhail an 1 Aibreán 2021, tugadh 893,375 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • Tá a gcéad dáileog faighte ag 636,963 duine.
  • Tá a dara dáileog faighte ag 256,412 duine.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 4 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 238,148 cás deimhnithe.