English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 9 Bealtaine 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 2 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 4,921 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 8 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 514 cás deimhnithe de COVID-19.

Tá 252,809* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Fir 259 díobh / mná 248 díobh
  • Tá 75% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 28 bliain an mheánaois

Amhail 8am inniu, tá 116 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 11 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 7 Bealtaine, tugadh 1,799,190 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • Tá a gcéad dáileog faighte ag 1,305,178 duine.
  • Tá a dara dáileog faighte ag 494,012 duine.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 8 gcás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 252,809 cás deimhnithe.
  • Meán gluaisteach 5 lá 432 cás