Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 15 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 50 bás breise a bhaineann le COVID-19.

Tharla gach ceann de na 50 bás go léir seo in Eanáir 2021. Is é 82 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise 45-96 bliain. Níor tugadh aon bhás nua le fios i measc oibrithe cúraim sláinte.

Níor tugadh aon bhás nua le fios i measc daoine óga faoi aois 30 bliain.

Tá 2,536 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Déardaoin, an 14 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 3,498 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 166,548* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Fir iad 1,576 / mná iad 1,906
  • Tá 54% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 42 bliain an mheánaois
  • Tá 1,182 cás i mBaile Átha Cliath, 421 i gCorcaigh, 258 i Luimneach, 187 i nGaillimh, 164 i bPort Láirge, agus tá an fuílleach 1,286 cás leata i measc na gcontaetha go léir eile.

Amhail 2pm inniu, tá 1,850 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 184 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 118 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Sainaithníodh athraithigh nua de COVID-19 le déanaí sa Bhrasaíl, agus i measc daoine a thaistil go dtí an tSeapáin ón mBrasaíl. Níl aon fhianaise ann go bhfuil na hathraithigh seo in Éirinn.”

“Moltar do dhuine a thaistil ón mBrasaíl le 14 lá anuas chun féinaonrú a dhéanamh ar feadh 14 lá, ón dáta a tháinig siad sa tír, agus iad féin a chur in aithne, trí dhochtúir ginearálta, go ndéanfar tástáil orthu a luaithe agus is féidir.”

“Tá sé bunriachtanach go ndéanann aon duine a thagann ón mBrasaíl féinaonrú ar feadh 14 lá ón dáta a thagann siad i dtír sula n-iontrálann/n-athiontrálann siad an t-ionad oibre. Táimid ag impí, ach go háirithe, ar fhostóirí a chur ar chumas a bhfostaithe a chéile a chosaint trí fhanacht sa bhaile do na 14 lá iomlána.”

“Tá súil leis go ndéanfaidh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc (an ECDC) measúnú riosca breise ar na hathraithigh nua an tseachtain seo chugainn. Ní foláir dúinn go léir leanúint ag cloí le gach gné den chomhairle sláinte poiblí. Is é seo an chosaint is fearr go fóill in aghaidh COVID-19.”

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“D’oibríomar go fíordhian le roinnt seachtainí anuas chun ár dteagmhálaithe dlútha a laghdú. Bhain an líon teagmhálaithe dlútha in aghaidh an cháis dheimhnithe an líon ab airde thart ar 6 dhuine amach ag deireadh mhí na Nollag. Tá laghdú tagtha air sin anois go dtí 2.3 teagmhálaí. Is í an iarracht ollmhór seo is cúis leis an titim atá ag teacht de réir a chéile ar líonta cásanna.”

“Is eol dúinn go bhfuil sé fíordheacair ár dteagmhálaithe dlútha a choimeád chomh híseal agus is féidir, go háirithe i rith tréimhse shínte ama. Ach is é seo an bealach is féidir linn sinn féin agus ár ndaoine muinteartha a chosaint ó COVID-19. Tá an líon is airde daoine atá inár n-ospidéil agus COVID-19 orthu á thabhairt le fios againn arís eile inniu. Ní foláir dúinn fanacht sa bhaile chun sinn féin agus a chéile a chosaint.”

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal. Amhail ón lá inné, tá eolas ar fáil ar an gclár eolais faoi na Vacsaíní Iomlána a Tugadh (an 1ú Dáileog).

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 7 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 166,548 cás deimhnithe.

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 14 Eanáir 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 14Ean2021)
Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí meán oíche an 14Ean2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí meán oíche an 14Ean2021)
Éire
3498
1533.6
73026
Muineachán
133
2968.1
1822
53
2467.3
3180
Luimneach
258
2157
4204
Port Láirge
164
2028
2356
Loch Garman
79
1830.1
2740
Baile Átha Cliath
1182
1732.7
23346
Maigh Eo
97
1721.7
2247
Ceatharlach
44
1665.1
948
An Clár
52
1621.8
1927
Dún na nGall
128
1598.1
2544
Corcaigh
421
1590.6
8635
An Cabhán
11
1529.4
1165
An Mhí
114
1312
2559
Cill Chainnigh
41
1236.5
1227
Cill Dara
131
1151.9
2563
Ciarraí
90
1134.7
1676
Sligeach
21
1123.1
736
Gaillimh
187
1089.7
2812
Uíbh Fhailí
41
1050.5
819
Ros Comáin
32
1011.7
653
Tiobraid Árann
79
1004.1
1602
Laois
53
1001.2
848
An Longfort
11
929.7
380
Cill Mhantáin
63
799.7
1139
An Iarmhí
8
754.8
670
Liatroim
5
711.5
228

Is é ráta na dteagmhas 7 lá 644.7 cás

Is é an meán gluaisteach 5 lá 3,804 cás

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat