Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 18 Nollaig 2020
- Foilsithe: 18 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 21 Nollaig 2020
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 6 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 2,149 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 17 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 582 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 78,254* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 6 chás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 78,254 cás.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir 310 díobh agus mná 265 díobh
- tá 60% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 38 bliain an mheánaois
- tá 193 cás i mBaile Átha Cliath, 59 i Loch Garman, 47 i Lú, 42 sa Mhí, 34 i gCorcaigh agus tá an fuílleach 207 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir
Amhail 2pm inniu, tá 198 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 34 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 13 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Thugamar le fios le seachtain anuas go bhfuilimid an-bhuartha go bhfuil an leibhéal ionfhabhtaithe ag dul in olcas lá i ndiaidh lae. Léiríonn sonraí an lae inniu freisin go bhfuil an cás ag dul in olcas níos tapúla ná mar a raibh súil againn leis.
"Is í an fhírinne fhaiteach nach bhfuil an tír in ann déileáil leis an leibhéal seo ionfhabhtaithe fad a dhruideann seachtain na Nollag linn. Tuar dóchais iad na vacsaíní sna míonna amach anseo a thabharfar dár ngrúpaí is leochailí agus is mian linn iad a choimeád beo agus folláin idir an dá linn chun gur féidir leo an vacsaín a fháil.
"Caithfidh gach duine dínn ár seacht ndícheall a dhéanamh chun sláinte phoiblí a chosaint - laghdaigh bhur dteagmhálaithe, ná cas ach leo siúd ar gá duit casadh leo. Roghnaigh sóisialú sábháilte a dhéanamh, agus lasmuigh, más féidir. Má fheiceann tú slua, seachain é.
"Trína roghnú gníomhú go sábháilte anois díreach, is féidir linn teorainn a chur ar an tionchar a imreoidh an galar seo sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn - agus is féidir linn na daoine leochaileacha a chosaint agus cosc a chur ar bhásanna neamhriachtanacha tríd é sin a dhéanamh."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH