Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 23 Eanair 2020
- Foilsithe: 22 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 52 bás breise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 50* de na básanna seo in Eanáir.
Is é 82 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 39 agus 99 bliain.
Tá 2,870 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 21 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 2,371 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 184,279** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir iad 1,129 / mná iad 1,194
- tá 57% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 40 bliain an mheánaois
- tá 757 cás i mBaile Átha Cliath, 237 i gCorcaigh, 154 i bPort Láirge, 123 i Loch Garman, 114 i Lú agus tá an fuílleach 986 cás leata i measc na gcontaetha go léir eile***.
Amhail 2pm inniu, tá 1,931 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 219 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 78 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis: “Is eol dúinn go bhfuil na srianta leanúnacha an-dúshlánach ar dhaoine ach, a bhuíochas leis an obair dhian agus an íobairt a rinne tromlach mór na ndaoine, tá na chéad chomharthaí á dtabhairt faoi deara againn go bhfuil leitheadúlacht níos ísle an ghalair sa daonra. Is é an rud is mó a bhainfidh fíordhul chun cinn amach i dtaobh scaipeadh an víris a laghdú agus na treochtaí reatha inár n-ospidéil agus ár n-aonaid dianchúraim a ísliú ná cloí go dian leis na bearta sláinte poiblí.
“Baineann ríthábhacht le próiseas ‘aimsigh-tástáil-aonraigh COVID-19’ maidir lenár n-iarrachtaí. Tugann ár sonraí le fios dúinn go nglacann sé 4 lá nó níos faide ón uair a thagann comharthaí COVID-19 orthu den chéad uair go dtí go ndéantar tástáil orthu, i measc an tríú cuid de dhaoine. Tá orainn go léir teagmháil a dhéanamh lenár DG a luaithe a thagann comharthaí orainn, chun gur féidir linn ár dteagmhálaithe a rianú agus cosc a chur ar ionfhabhtuithe breise.
“Iarraimid ar gach duine leanúint orthu an deireadh seachtaine seo agus a lámha a ní, casacht a chlúdach, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus fad 2 mhéadar a choimeád amach ó dhaoine eile. Chun aire a thabhairt dá chéile, tá orainn go léir fanacht sa bhaile, seachas ar chúiseanna bunriachtanacha, chun scaipeadh COVID-19 orainn féin agus ár ndaoine muinteartha a íoslaghdú.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH//
- Tá imscrúdú á dhéanamh ar dháta an báis maidir le 2 bhás.
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 14 chás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 184,279 cás deimhnithe.
***Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe náisiúnta Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 21 Eanáir 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)
Contae | **Cásanna an lae inniu |
(go dtí meán oíche an 21Ean2021)| Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí meán oíche an 21Ean2021) |Cásanna Nua le 14 lá anuas**|
(an 21Ean2021)
Éire 2,371 | 1,017.1 | 48,433 | |
Muineachán | 90 | 1,974.4 | 1,212 |
Port Láirge | 154 | 1,567.4 | 1,821 |
Lú | 114 | 1,540.1 | 1,985 |
Loch Garman | 123 | 1,529.5 | 2,290 |
Maigh Eo | 68 | 1,465.8 | 1,913 |
Ceatharlach | 31 | 1,461.4 | 832 |
Luimneach | 96 | 1,221.7 | 2,381 |
Baile Átha Cliath | 757 | 1,087.1 | 14,647 |
Corcaigh | 237 | 1,002.8 | 5,444 |
Dún na nGall | 32 | 975.6 | 1,553 |
Gaillimh | 103 | 968.8 | 2,500 |
An Cabhán | 30 | 962.2 | 733 |
An Clár | 35 | 914.0 | 1,086 |
An Mhí | 96 | 892.6 | 1,741 |
Cill Chainnigh | 28 | 830.4 | 824 |
Tiobraid Árann | 67 | 829.2 | 1,323 |
Cill Dara | 95 | 782.0 | 1,740 |
Ros Comáin | 6 | 773.1 | 499 |
Laois | 17 | 763.9 | 647 |
Uíbh Fhailí | 15 | 676.0 | 527 |
Cill Mhantáin | 59 | 591.9 | 843 |
Ciarraí | 35 | 580.2 | 857 |
Sligeach | 21 | 491.3 | 322 |
An Iarmhí | 32 | 478.8 | 425 |
An Longfort | 22 | 452.6 | 185 |
Liatroim | 8 | 321.4 | 103 |
Ráta na dteagmhas 7 lá 372.6
Meán gluaisteach 5 lá 2,315