Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 3 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 94 bás breise a bhaineann le COVID-19.

Tharla 47 de na básanna seo i bhFeabhra, 44 díobh in Eanáir, 2 cheann i mí na Nollag agus ceann amháin i Samhain.

Is é 82 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 36 agus 100 bliain.

Tá 3,512 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Máirt, an 2 Feabhra, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 1,013 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 199,430* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Fir 465 díobh / mná 543 díobh
  • Tá 56% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 41 bliain an mheánaois
  • Tá 337 cás i mBaile Átha Cliath, 96 i nGaillimh, 65 i gCorcaigh, 60 i gCill Dara, 48 i Lú agus tá an fuílleach 407 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir. **

Amhail 2pm inniu, tá 1,334 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 203 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 66 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Bhí i bhfad níos lú ar eolas againn faoi COVID-19 ag tosach na paindéime seo, mar phobal domhanda, ná mar atá ar eolas againn anois. Ní raibh a fhios againn ag an tráth sin go mbeadh rogha vacsaíní faofa againn inniu chun na héifeachtaí is measa atá ag COVID-19 a laghdú, a chuireann lenár tsraith bearta sláinte poiblí, cosúil le scaradh sóisialta, teagmhálaithe a laghdú, maisc a chaitheamh, sláinteachas maidir le casacht/sraoth agus ár lámha a ní.

“Leanaimid le héifeachtaí tubaisteacha an bhorrtha a tháinig le déanaí ar ionfhabhtú COVID-19 a thabhairt faoi deara níos mó anois ná riamh roimhe seo, i bhfoirm básanna, daoine á dtabhairt chuig an ospidéal agus an méid daoine atá á dtabhairt isteach san aonad dianchúraim. Níor cheart dúinn a ligean i ndearmad go bhfuil an pointe seo bainte amach againn sa phaindéim seo a bhuíochas leis an gcomhairle sláinte poiblí, agus gur chabhraigh sé linn COVID-19 a chur faoi chois le chéile go rathúil roimhe seo.

“Is é an chomhobair dhian atá á déanamh ag daoine agus an íobairt a leanann siad a dhéanamh ar fud na hÉireann chun cloí leis na bearta sláinte poiblí seo a choimeádfaimid go léir sábháilte ag an tráth seo, fad atá vacsaín COVID-19, atá á tabhairt isteach níos forleithne, ag druidim linn. Coimeádaigí leis, agus spreagaigí a chéile chun amhlaidh a dhéanamh. I mbeagán focal: ba cheart daoibh sibh féin a chosaint agus bheith sábháilte i gcónaí san am i láthair, chun gur féidir libh bhur vacsaín a fháil amach anseo.”

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 7 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 199,430 cás deimhnithe.

**Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.

Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 02 Feabhra 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu** (go dtí meán oíche an 02Fea2021)
Meán Gluaisteach 5 Lá na gCásanna Nua
Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí an 02Fea2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí an 02Fea2021)
Éire
1,013
1,121
424.1
20,197
Muineachán
20
24
894.3
549
48
41
647.9
835
Port Láirge
44
43
642.1
746
Ceatharlach
15
18
586.7
334
Loch Garman
43
49
555.7
832
Baile Átha Cliath
337
419
524.4
7065
Uíbh Fhailí
25
17
463.1
361
Maigh Eo
20
30
456.7
596
An Mhí
46
41
436.3
851
Dún na nGall
27
32
395.7
630
Gaillimh
96
72
389.8
1006
Luimneach
15
38
379.7
740
Cill Dara
60
45
366.3
815
An Longfort
8
6
359.7
147
An Cabhán
11
13
354.4
270
Corcaigh
65
93
338.8
1839
Sligeach
17
14
328.1
215
Tiobraid Árann
16
27
310.9
496
Laois
6
16
308.2
261
Cill Mhantáin
30
22
307.5
438
An Iarmhí
19
12
276
245
An Clár
10
12
235.7
280
Cill Chainnigh
12
10
200.5
199
Liatroim
<5
4
190.4
61
Ciarraí
18
15
188.2
278
Ros Comáin
<5
6
167.3
108

~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.

  • Is é ráta na dteagmhas 7 lá 174.7 cás
  • Is é an meán gluaisteach 5 lá 1,121 cás

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat