English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine an 31 Iúil 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.

Tá 1,763 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Déardaoin, an 30 Iúil, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 38 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 26,065 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

As 38 cás an lae inniu:

  • fir 22 díobh agus mná 16 díobh
  • ba í a meánaois 30 bliain
  • tá 82% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • tá 32 cás suite i mBaile Átha Cliath nó Cill Dara
  • baineann 26 cás le briseadh amach nó le daoine a rinne teagmháil dhlúth le cásanna deimhnithe

Tugadh 123 cás, ar an iomlán, le fios le dhá lá anuas.

Astú seo:

  • baineann 84 cás le briseadh amach a bhfuiltear eolach orthu nó le daoine a rinne teagmháil dhlúth le cásanna deimhnithe eile
  • sainaithníodh ar a laghad 19 gcás mar chásanna a tarchuireadh sa phobal agus tá 20 cás faoi imscrúdú go fóill
  • tá 44 cás suite i gCill Dara, tá 33 i mBaile Átha Cliath, tá 11 sa Chlár, tá 10 i Laois, tá 8 i Luimneach agus tá an fuílleach 17 gcás suite i measc 10 gcontae

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:

"Tá olltástáil déanta anois maidir le roinnt briseadh amach a bhfuiltear eolach orthu.

"B’fhéidir go bhfuil níos mó cásanna á dtabhairt faoi deara againn nach féidir linn an locht a chur ar bhriseadh amach nó ar theagmháil dhlúth ina dtaobh. Leanfaidh an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta le monatóireacht dhlúth a dhéanamh ar an gcás seo sna laethanta amach romhainn."

Thug suirbhé ar dhochtúirí ginearálta (DGanna) le fios nach raibh féinaonrú á dhéanamh ag tromlach mór na n-othar a rinne teagmháil leo mar gheall go raibh comharthaí cosúil le COVID orthu ón tráth a tháinig a gcomharthaí orthu den chéad uair.

Dúirt an Dr Ronan Glynn:

"Ní féidir áibhéil a dhéanamh den tábhacht a bhaineann le haonrú a dhéanamh a luaithe a thagann aon chomharthaí cosúil le fliú ort. Murach an gníomh aonair seo, ní éireoidh linn na slabhraí tarchuir a ghearradh agus cuirfimid go leor daoine i mbaol ionfhabhtú.

"Is tábhachtach go dtuigeann daoine nach ngearrtar aon táille ar sheirbhísí DG nó tástála a bhaineann le COVID-19. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le do DG má bhíonn aon bhuarthaí ort.

"Is iad na sé phríomhrud is gá duit a dhéanamh an deireadh seachtaine seo ná teorainn a chur ar mhéid do líonra agus ar an am a chaitheann tú leo, d’fhad a choimeád, casadh le daoine taobh amuigh, más féidir, do lámha a ní, clúdach aghaidhe a chaitheamh agus Aip Rianaire COVID a íoslódáil."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:

  • Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
  • Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
  • Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
  • Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
  • Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach

Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.

Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19

Is iad siúd: