Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine an 6 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Amhail meán oíche Déardaoin, an 5 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 1782* cás deimhnithe de COVID-19
Amhail 8am inniu, tá 189 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 30 astu siúd san aonad dianchúraim
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Inniu agus an deireadh seachtaine seo, tá ionaid vacsaínithe COVID-19 breise á n-oibriú ag FSS ar fud na tíre. An t-am seo anuraidh, ní fhéadfaimis a bheith ag súil le vacsaíní chomh sábháilte agus éifeachtacha chun cabhrú linn an víreas seo a chur faoi chois, ná go mbeadh raon acu againn le húsáid. Taispeánann an clár vacsaínithe COVID-19 ní amháin an iarracht eolaíoch is fearr, ach dlúthpháirtíocht inmholta freisin sna daoine a thagann ar aghaidh chun vacsaín a fháil ar mhaithe lena bpobal níos leithne.”
“Molaim go láidir d’éinne atá fós ag fanacht lena vacsaín COVID-19 leas a bhaint as na hionaid vacsaínithe seo an deireadh seachtaine seo. Tá na vacsaíní seo an-éifeachtach ag cosaint i gcoinne na n-éifeachtaí is measa de COVID-19. Ní amháin go dtugann siad cosaint phearsanta, ach an níos mó dínn a fhaigheann vacsaín, is amhlaidh is sábháilte atáimid uile mar ghrúpa. "