Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 8 Bealtaine 2020
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2020
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 27 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,429* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Dé hAoine, an 8 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 156 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 22,541 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Céadaoin, an 6 Bealtaine (22,301 cás), an méid seo a leanas le fios:
- mná 57% díobh agus fir 43% díobh
- is é 49 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
- tugadh 2,915 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
- astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 373 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
- baineann 6,586 cás le hoibrithe cúram sláinte
- tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (10,885 cás, 49% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,312 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,199 cás, nó 5%)
- astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 61%, is ionann teagmháil dhlúth agus 35%, is ionann taisteal thar lear agus 3%
Chas an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta ar a chéile inniu (Dé hAoine, an 8 Bealtaine) chun leanúint lena n-athbhreithniú leanúnach ar fhreagairt na hÉireann do COVID-19.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Léirítear san anailís ar fhoinsí iolracha sonraí ardleibhéal leanúnach de chomhlíonadh na mbeart sláinte poiblí. Fad a ullmhaímid do na chéad chéimeanna eile de mhaireachtáil leis an víreas seo, tá noirm agus iompar nua á fhoghlaim againn, go háirithe conas a idirghníomhaímid i spásanna poiblí. Baineann scaradh fisiciúil, sláinteachas lámh, béasaíocht riospráide, idirghníomhú sábháilte le gach duine chun go leanfaimid le COVID-19 a choimeád faoi chois in Éirinn."
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir:
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,429 bás.
Miondealú cásanna agus básanna go dtí seo:
Nóta: Ar mhaithe le rúndacht othair, baineann * le 5 chás nó níos lú.