Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 20 Iúil 2020
- Foilsithe: 20 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor cuireadh aon bhásanna in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,753 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 19 Iúil, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 6 chás dheimhnithe de COVID-19. Tá 25,766 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Le 14 lá anuas, ba é an líon iomlán cásanna deimhnithe a cuireadh in iúl don IFCS 270.
Astu siúd:
- Fir 43% díobh agus Mná 57% díobh
- is é an mheánaois ná 34 bliain d’aois; bhí 69% de na cásanna seo faoi 45 bliain d’aois
- tugadh cásanna nua le fios in 20 contae; Baile Átha Cliath 55%, Cill Dara 10%, Corcaigh 6%. Bhí 5% nó ní ba lú de na cásanna i gach contae eile
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
"Tá briseadh amach den víreas á thabhairt faoi deara anois againn i réimse suíomhanna oibre, i dtógáil, in asraonta mearbhia agus in ollmhargaí.
"Ní féidir linn beag is fiú a dhéanamh dá thapúla a thagann forbairt ar bhraislí. Tá an oiread sin dul chun cinn déanta againn le chéile, ach caithfimid leanúint de bheith airdeallach chun cosc a chur ar bhorradh ar fud na tíre trí chéile sna seachtainí amach romhainn.
"Tugadh córais nua isteach in go leor ionaid oibre chomh maith leis na bearta sábháilteachta a theastaíonn chun a ngnólachtaí a athoscailt. Mheabhróinn do gach fostóir gurb iad an t-ionad oibre, agus na siopaí, na seirbhísí agus na hollmhargaí, ach go háirithe, an túslíne nua, agus iarraimid oraibh chun gach rud is féidir libh a dhéanamh chun tús áite a thabhairt do shábháilteacht bhur bhfoirne agus bhur gcustaiméirí.
"Nuair a chuirtear san áireamh an méadú a tháinig ar bhriseadh amach inár bpobail, spreagfainn gach duine chun clúdaigh aghaidhe a chaitheamh i suíomhanna cúram sláinte agus nuair a bhíonn siopadóireacht á déanamh acu, san ollmhargadh agus i seirbhísí eile miondíola taobh istigh san áireamh."
Dúirt Rachel Kenna, an Príomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte:
"Tá ár n-oibrithe cúram sláinte ag an túslíne ó Mhárta ar aghaidh agus tá ár ndianiarrachtaí tuillte acu chun leanúint le scaipeadh an víris seo a íoslaghdú.
"Imreoidh aon mhéadú ar chásanna tionchar trom ar oibrithe cúram sláinte, a bhfuil an oiread sin déanta acu cheana féin chun sinn a choimeád sábháilte i mbliana.
"Ba cheart dúinn a seirbhís thiomanta agus gan staonadh a aithint trí leanúint orainn lenár n-iarrachtaí chun deireadh a chur le COVID-19."
Dúirt an Dr Sumi Dunne, Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann:
"Galar an-tógálach é COVID-19 – scaiptear go fairsing i sluaite é. Níl locht ar dhuine ar bith an víreas a tholgadh.
"Bí ar an airdeall i gcónaí, le do thoil, agus coimeád súil amach le haghaidh na ngnáthchomharthaí, ar nós casachta nó ardteochta. Má bhíonn amhras ort go bhfuil comharthaí ort, fan amach ó dhaoine eile chun an víreas a choimeád faoi smacht agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta a thapúla agus is féidir chun tástáil a shocrú.
"Cabhraíonn tástáil linn an víreas a shainaithint, a aonrú agus a choimeád faoi smacht. Cabhraíonn sé leis na huimhreacha a choimeád íseal inár bpobail. Mura bhfuil sé déanta cheana féin agat, íoslódáil Aip Rianaire COVID-19 – is bealach éasca é le cuntas a choimeád ar na daoine a ndearna tú teagmháil leo."
Dúirt an Dr Vida Hamilton, an Comhairleoir agus an Grúpa Cliniciúil Náisiúnta, Ospidéil Ghéarmhíochaine, FSS:
"Víreas an-nua é COVID-19 agus níl bealach ar bith ann lena thuar cé chomh breoite a bhraithfidh tú má thagann an víreas ort. Is fearr i gcónaí an víreas a sheachaint ná leigheas a fháil air. Baineann ríthábhacht le cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí bhunúsach chun an víreas seo a chur faoi chois.
"Ná déan beag is fiú dá thábhachtaí atá se chun leanúint le do lámha a ní, fad a choimeád amach ó dhaoine eile, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh nuair a bhíonn tú i suíomhanna cúram sláinte, i siopaí agus ar iompar poiblí, cuimhnigh chun cloí le dea-shláinteachas maidir le casachtach/sraothartach, baineann ríthábhacht leis na bearta seo chun gach duine sa phobal a chosaint, go háirithe iad siúd is leochailí."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Tá an clár is déanaí de Phodchraoladh na Roinne Sláinte ar fáil ar líne: Clár 3: ‘Altraí in aghaidh Covid: An Réadúlacht ón Túslíne.'
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Léirítear i dtaighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go ndeir 70% den daonra anois go bhfuil clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu.
Nochtar sa sampla 2,100 duine a dhéanann ionadaíocht don náisiún ar tugadh faoi thar ceann na Roinne Leanaí inniu:
- deir 94% de dhaoine a úsáideann iompar poiblí go gcaitheann siad clúdach aghaidhe gach uair agus deir 4% go gcaitheann siad clúdach aghaidhe an chuid is mó den am.
- deir 37% de dhaoine go gcaitheann siad clúdach aghaidhe gach uair a bhíonn siopadóireacht á déanamh acu, ar méadú 26% é seo aníos ón tseachtain seo caite agus deir 30% go gcaitheann siad clúdach aghaidhe an chuid is mó den am.
- ceapann trí cheathrú (75%) go dtiocfaidh an dara borradh ar an víreas – méadú 30% ó Mheitheamh