Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain an 30 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 30 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 31 Lúnasa 2021
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,293* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 382 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 61 astu siúd san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“De réir mar a fhilleann go leor leanaí ar sheomraí ranga fud fad na tíre inniu, is tábhachtach béim a leagan air i measc leanaí agus a dtuismitheoirí go ndearnadh ullmhúcháin mhóra chun scoileanna a athoscailt go sábháilte.
“Léiríonn ár sonraí go soiléir nárbh fhoinse mhór de tharchur galair an timpeallacht scoile go dtí seo.
“Chun filleadh ar an scoil a shábháilte agus is féidir, is í an chomhairle a chuirim ar leanaí do lámha a ní nó úsáid a bhaint as díghalrán lámh go rialta agus cloí leis na prótacail a oibrítear i do scoil.
“A thuismitheoirí, ná déanaigí dearmad ar na comharthaí ar cheart daoibh bheith ag faire amach dóibh agus ná cuirigí bhur leanaí ar scoil má bhíonn aon chinn díobh orthu. Ina ionad sin, cabhraigh leo aonrú a dhéanamh agus déan teagmháil le do DG chun teacht ar chomhairle agus socraigh tástáil, más cuí. Spreagfainn bheith cúramach nuair a bhítear ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí le scoláirí eile lasmuigh de thimpeallacht na scoile, ar cruthaíodh gurb iad seo na háiteanna ina dtarlaíonn briseadh amach agus tarchur i measc leanaí roimhe seo. Cabhróidh seo le cosc a chur ar tharchur breise agus ar bhriseadh amach a d’fhéadfadh tarlú.”
CRÍOCH