Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 9 Samhain 2020
- Foilsithe: 9 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 1 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 1,948 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 8 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 270 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 65,659* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Fir iad 143 díobh / mná iad 127 díobh
- Tá 69% díobh faoi 45 bliain d’aois
- Is é 34 bliain an mheánaois
- Tá 103 cás i mBaile Átha Cliath, 34 i Luimneach, 20 i nDún na nGall, 12 i gCorcaigh, 9 i gCiarraí, 9 i gCill Chainnigh agus tá an fuílleach 83 cás leata i measc 20 contae eile.
Amhail 2pm inniu, tá 291 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 39 astu siúd san aonad dianchúraim.
Tugadh 12 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 5 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 65,659 cás deimhnithe.
Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 08 Samhain 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)
Ainm an Chontae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 08SAM2020) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra | Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 26DF2020 go dtí an 08SAM2020) |
Éire | 270 | 161.0 | 7,665 |
Dún na nGall | 20 | 275.8 | 439 |
Luimneach | 34 | 213.4 | 416 |
An Mhí | 8 | 212.8 | 415 |
Corcaigh | 12 | 182.4 | 159 |
Baile Átha Cliath | 103 | 173.7 | 2341 |
Maigh Eo | 5 | 163.2 | 213 |
Lú | 8 | 159.1 | 205 |
An Longfort | <5 | 156.6 | 64 |
Ciarraí | 9 | 155 | 229 |
An Cabhán | <5 | 156.2 | 119 |
Laois | <5 | 155.8 | 132 |
Sligeach | <5 | 155.6 | 102 |
Ros Comáin | 8 | 150.3 | 97 |
Ceatharlach | <5 | 147.5 | 84 |
Muineachán | <5 | 140.1 | 86 |
An Clár | 6 | 138.9 | 165 |
Port Láirge | <5 | 137.7 | 160 |
Cill Chainnigh | 9 | 134 | 133 |
Gaillimh | <5 | 125.9 | 325 |
Cill Dara | <5 | 122.2 | 272 |
Uíbh Fhailí | <5 | 118 | 92 |
Tiobraid Árann | 8 | 115.9 | 185 |
Cill Mhantáin | <5 | 82.9 | 118 |
Loch Garman | <5 | 74.8 | 112 |
Liatroim | <5 | 37.4 | 12 |