English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt 29 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh 9 mbás sa bhreis a bhfuil baint acu le COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu.

Go dtí seo tá 2,213* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.

(* Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag IFCS, rinneadh bás amháin (1) a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúir 2,213 duine atá básaithe.)

Amhail meán oíche Dé Luain, an 28 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas maidir le 1,546 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 88,439** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(* Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag IFCS, rinneadh cás deimhnithe amháin (1) a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúir 88,439 de chásanna deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 757 agus is mná iad 788
  • tá 66% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • is í 34 an mheánaois
  • 444 i mBaile Átha Cliath, 203 i gCorcaigh, 111 i Lú, 87 i Luimneach, 85 i nDún na nGall agus tá na 616 cás eile scaipthe ar fud gach contae eile

Amhail 2am inniu, tá 411 othar COVID-19 san ospidéal as a bhfuil 34 san aonad dianchúraim. Tógadh 47 duine sa bhreis isteach san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:

"Anois agus an clárr vacsaínithe náisiúnta á seoadh againn, tá garsprioc thábhachtach bainte againn maidir lenár gcomhfhreagairt ar an bpaindéim COVID-19 in Éirinn Is cúis misnigh dúinn féachaint ar na céad faighteoirí den vacsaín agus tugann sé dóchas dúinn go bfhuil laethanta níos fearr romhainn, go háirithe dóibh siúd inár measc atá leochaileach maidr leis an víreas, lena n-áirítear daoine atá os cionn 70 agus daoine a bhfuil bunghalair acu. Díreoidh an clár vacsaínithe ar na grúpaí tosaíochta de réir cinntí an Rialtais a rinneadh le déanaí.

"De réir mar a rolltar amach an clár vacsaínithe, ní mór dúinn bheith síorairdeallach maidir leis an riosca atá ann an COVID-19 a scaipeadh agus an chomhairle sláinte phoiblí a leanúint go laethúil, go háirithe ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar scaipeadh an ghalair agus an méadú i líon na ndaoine san ospidéal – suas to dtí 411 inniu. Is é an t-aon bhealach atá againn an víreas a chur faoi chois i measc an phobail ná an chomhairle sláinte phoiblí a leanúint. Gach uair a dhéanann tú na rudaí a leanas - do lámha a ní, aghaidhmhasc a chur ort féin, fanacht 2m amach ó dhaoine eile, srian a chur ar do theagmháil shóisialta agus fanacht sa bhaile má bhraitheann tú tinn – tá tú ag cosaint tú féin agus do chlann ón víreas fíorthógálach seo."

Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altranais sa Roinn Sláinte:

"Is iontach an rud é go bhfuil an clár vacsaínithe COVID-19 ag tosú inniu tar éis oiliúint faoi leith a chur ar fáil don chlár vacsaínithe suntasach seo. Tá oiliúint faighte ag mórán altraí agus cnáimhseacha chun an vacsaín a thabhairt, agus in éineacht lena gcomhghleacaithe, lena n-áirítear dochtúirí ospidéil, dochtúirí ginearálta, sláinte poiblí, poitigéirí agus comhghleacaithe sláinte eile, beidh ról suntasach acu maidir le cur chuige don chlár a sheachadadh atá sábháilte agus otharbhunaithe.

"Tabharfar an vacsaín do mhórán altraí agus do chnáimhseacha ar dtús ionas gur féidir linn leanúint orainn aire a thabhairt dár n-othair go léir. Tá sé thar a bheith tábhachtach, áfach, go leanfaí le tacaíocht a thabhairt dóibh agus do gach ball den fhoireann atá ar an líne thosaigh trí cloí leis na bearta sláinte poiblí de réir mar a rolltar amach an clár vacsaínithe."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar COVID-19 Dashboard maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail.

CRÍOCH

Is é ráta na dteagmhas 7 lá ná 151.8.

Is é an meán gluaisteach ná 1,073.