English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 10 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Samhain 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 16 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19. As na básanna a tugadh le fios, tharla 14 bhás i Samhain, tharla bás amháin i nDeireadh Fómhair agus tá imscrúdú á dhéanamh go fóill ar bhás amháin.

Tá 1,963* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,963 bás.)

Amhail meán oíche Dé Luain, an 9 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 270 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 65,889* * cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 40 cás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 65,889 cás deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir iad 123 díobh agus mná iad 147 díobh
  • tá 56% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 42 bliain an mheánaois
  • tá 82 cás i mBaile Átha Cliath, 21 i nDún na nGall, 18 i Ros Comáin, 17 i Luimneach, 17 i dTiobraid Árann agus tá an fuílleach 115 cás leata i measc 20 contae eile

Amhail 2pm inniu, tá 282 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 40 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 21 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Ábhar spreagtha é an feabhas suntasach atá tagtha ar phróifíl an ghalair: tá laghdú 51% tagtha ar an bhforleithne 14 lá 152 cás in aghaidh gach 100,000 duine i gcomparáid leis an dá sheachtain roimhe seo.

"Chun leanúint ag dul sa treo seo, tá orainn bheith airdeallach i gcónaí ar chineál an-tógálach an víris seo, ar féidir é a scaipeadh gan stró ó dhuine go duine trí theagmháil dhlúth agus trí chasadh le daoine go sóisialta. Baineann ríthábhacht leis na roghanna aonair a dhéanaimid gach lá chun fanacht sa bhaile agus ár dteagmhálaithe a choimeád a laghad agus is féidir chun scaipeadh COVID-19 a laghdú."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH