English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 11 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor cuireadh ach bás amháin nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.

Tá 1,773 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Luain, an 10 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 35 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 26,801* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir iad 15 díobh / mná iad 18 díobh
  • tá 71% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • deimhníodh go mbaineann 24 cás le briseadh amach nó le daoine a rinne teagmháil dhlúth le cás *sainaithníodh 5 chás mar chásanna a tarchuireadh sa phobal
  • tá 6 chás i gCeatharlach, tá 5 sa Chlár, agus tá an fuílleach 24 cás are i gCorcaigh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Laois, Luimneach, an Mhí, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann agus Loch Garman.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:

“Is dóchúil go rachaidh líon na gcásanna deimhnithe a thabharfar le fios dúinn gach lá an tseachtain seo i méid agus i laghad. Is tábhachtach súil a chaitheamh ar na treochtaí níos fairsinge a thugaimid faoi deara maidir leis an ngalar seo in Éirinn i dtaobh comhthéacs, seachas súil a chaitheamh ar fhigiúirí aon lae amháin. Ní thabharfaimid faoi deara go dtí an tseachtain seo chugainn cibé acu ar imir nó nár imir na bearta a tugadh isteach an deireadh seachtaine seo caite i gCill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí an tionchar a bhí i gceist againn chun COVID-19 a chur faoi chois sna ceantair seo agus chun tarchur pobail a íoslaghdú.

“Ní foláir dúinn a chur san áireamh go ndírímid, mar shochaí, ar thrí thosaíocht náisiúnta - sláinte phoiblí agus na daoine is leochailí a chosaint, seirbhísí sláinte nach mbaineann le COVID a thosú arís agus ár scoileanna a athoscailt. Cuireann tú go mór leis an gcomhiarracht náisiúnta seo gach uair a roghnaíonn tú chun slua a sheachaint, fad 2 mhéadar a choimeád amach ó dhaoine eile, do lámha a ní, clúdach aghaidhe a chaitheamh agus Aip Rianaire COVID a úsáid.”

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh dhá bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 28,801 bás.

Nótaí don Eagarthóir:

Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:

  • Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
  • Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
  • Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
  • Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
  • Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach

Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.

Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19

Is iad siúd: