Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 16 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 18 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tharla 17 de na básanna seo i Márta agus 1 bhás i bhFeabhra.

Ba é 78 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 55 agus 102 bliain.

Tá 4,552 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Luain, an 15 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 349 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 227,663* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Fir 172 díobh / mná 177 díobh
  • Tá 70% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 33 bliain an mheánaois
  • Tá 156 cás i mBaile Átha Cliath, 23 sa Mhí, 19 i nDún na nGall, 15 i Lú, 14 i gCill Dara agus tá an fuílleach 122 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir. **

Amhail 8am inniu, tá 355 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 88 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 36 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 13 Márta, tugadh 615,934 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • Tá a gcéad dáileog faighte ag 451,589 duine
  • Tá a dara dáileog faighte ag 164,345 duine

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 2 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 227,663 cás deimhnithe.

**Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.

Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 15 Márta 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu** (go dtí meán oíche an 15Már2021)
Meán Gluaisteach 5 Lá na gCásanna Nua
Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí an 15Már2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí an 15Már2021)
Éire
349
499
148.1
7,052
Uíbh Fhailí
<5
21
347.6271
An Longfort
<5
5
345
141
Cill Dara
14
45
227
505
Baile Átha Cliath
156
202
223.3
3,008
An Mhí
23
31
215.3
420
15
13
155.2
200
Dún na nGall
19
21
152
242
An Iarmhí
11
11
147.6
131
Luimneach
5
13
133.4
260
Ceatharlach
<5
7
130
74
Tiobraid Árann
7
15
117.2
187
Gaillimh
14
27
113.2
292
Ros Comáin
<5
7
105.4
68
Port Láirge
8
9
103.3
120
Maigh Eo
<5
7
102.7
134
Cill Mhantáin
14
10
99.7
142
Loch Garman
11
12
86.8
130
Laois
<5
3
86.2
73
Muineachán
<5
3
83.1
51
Sligeach
<5
3
80.9
53
An Clár
<5
5
69.9
83
An Cabhán
7
3
67
51
Ciarraí
5
5
53.5
79
Corcaigh
14
19
51.8
281
Cill Chainnigh
<5
2
45.3
45
Liatroim
<5
1
34.3
11

~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.

  • Ráta na dteagmhas 7 lá 78.1 cás
  • Is é an meán gluaisteach 5 lá 499 cás

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat