English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 17 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 11 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19. Tharla na básanna go léir a tugadh le fios inniu i Samhain.

Tá 1,995 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Luain, an 16 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 366 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 68,686* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Fir iad 169 díobh / mná iad 197 díobh
  • Tá 61% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 38 bliain an mheánaois
  • Tá 84 cás i mBaile Átha Cliath, 44 i Luimneach, 34 i gCorcaigh, 34 i nDún na nGall, 24 i Ros Comáin agus tá an fuílleach 146 cás leata i measc 20 contae eile.

Amhail 2pm inniu, tá 272 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 34 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 14 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Táim ag éirí níos buartha i gcónaí nár lean na treochtaí dearfacha a thugamar faoi deara le déanaí.

“Tá méadú tagtha ar mheán gluaisteach 5 lá de chásanna laethúla aníos ó 350 cás, ar an meán, an 11 Samhain go dtí 424 cás inniu.

“Tá dhá sheachtain againn chun leanúint lenár n-iarrachtaí chun tarchur pobail an ghalair seo a laghdú anuas a mhéid agus is féidir. Dá ísle an fhorleithne, is mó solúbthacht a bheith ag an tír chun bearta a laghdú.”

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 36 cás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 68,686 cás deimhnithe.

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 16 Samhain 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 16SAM2020) Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 03SAM2020 go dtí an 16SAM2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 03SAM2020 go dtí an 16SAM2020)
Éire 366 121.3 5,778
Dún na nGall 34 282.0 449
Luimneach 44 241.7 471
Ros Comáin 24 167.3 108
Port Láirge 17 162.7 189
13 160.6 207
An Iarmhí 12 160.0 142
Uíbh Fhailí 6 143.7 112
An Mhí 12 128.7 251
Baile Átha Cliath 84 123.8 1,668
Ciarraí 5 123.2 182
Cill Chainnigh 6 181.9 118
Maigh Eo 8 113.4 148
An Clár <5 111.9 133
An Longfort <5 110.1 45
Muineachán <5 109.1 67
Tiobraid Árann 18 109.1 174
Laois <5 103.9 88
Sligeach <5 91.6 60
Corcaigh 34 85.7 465
An Cabhán <5 85.3 65
Gaillimh 15 84.5 218
Liatroim 0 84.3 27
Cill Dara 8 82.7 184
Ceatharlach 5 82.6 47
Cill Mhantáin 5 65.3 93
Loch Garman <5 44.7 67