English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 22 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh aon 13 bhás in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.

Tá 2,171 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Luain, an 21 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 970 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 81,228* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Fir 470 díobh / mná 494 díobh
  • Tá 64% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 37 bliain an mheánaois
  • Tá 348 cás i mBaile Átha Cliath, 60 i Luimneach, 59 i gCorcaigh, 59 i Loch Garman, 55 i Lú agus tá an fuílleach 389 cás leata i measc 20 contae eile.

Amhail 2pm inniu, tá 238 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 28 astu siúd san aonad dianchúraim.

Tugadh 23 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Ábhar mór buartha é an treo ina bhfuil an galar sa phobal ag dul faoi láthair. Tá 4,478 cás, nó méadú breis agus 110% aníos ón tseachtain roimhe sin, tugtha le fios againn le seacht lá anuas a fhad le meán oíche Dé Luain. Tá borradh ollmhór tagtha le 5 lá anuas ar leitheadúlacht an víris fud fad na tíre, agus déanann seo an leibhéal baoil a mhéadú go suntasach a bhaineann leis an gcineál de theagmháil idirghlúine a dhéantar de ghnáth i rith laethanta saoire na Nollag. Chun sinn féin, ár dteaghlaigh agus ár ndaoine muinteartha leochaileacha, ach go háirithe, a chosaint, cuirfear tús le srianta breise geilleagracha agus sóisialta a thabhairt isteach ó Oíche Nollag. Is faoi gach duine dínn atá sé athmhachnamh a dhéanamh ar ár bpleananna do thréimhse na Nollag seo, go háirithe maidir le cuairt a thabhairt ar dhaoine muinteartha nó cairde breacaosta nó atá leochaileach i dtaobh cúrsaí leighis de.

“Is féidir tús a chur lenár gclár vacsaíne go rí-luath i ndiaidh gur údaraigh an Coimisiún Eorpach an chéad vacsaín COVID-19 inné agus tuar dóchais é seo dúinn. Glacfaidh sé roinnt ama, áfach, chun an daonra a vacsaíniú go forleathan, agus is gá dúinn leanúint, mar sin, ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí maidir le lámha a ní, fad 2 mhéadar a choimeád amach ó dhaoine eile, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh, nuair is ga, ár gcasacht a chlúdach agus an méid daoine a ndéanaimid teagmháil shóisialta leo a laghdú fad a bhíonn srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm. Trí oibriú le chéile, is féidir linn scaipeadh COVID-19 a laghdú agus ár scoileanna agus ár n-ospidéil a chosaint.”

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 9 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 81,228 cás deimhnithe.

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 21 Nollaig 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 21Nol2020) Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí an 21Nol2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (an 21Nol2020)
Éire 970 138.2 6,583
Dún na nGall 50 290.8 463
55 273.1 352
Loch Garman 59 237.8 356
Cill Chainnigh 26 236.8 235
Muineachán 41 213.4 131
Ceatharlach 10 200.2 114
Luimneach 60 189.8 370
Laois 13 186.5 158
An Cabhán 6 183.8 140
Baile Átha Cliath 348 163.1 2,197
Ciarraí 27 140.1 207
An Longfort <5 139.5 57
An Mhí 36 136.9 267
Port Láirge 27 127.4 148
Maigh Eo 9 113.4 148
Cill Dara 54 111 247
Sligeach <5 109.9 72
Cill Mhantáin 15 75.1 107
Uíbh Fhailí 9 69.3 54
Corcaigh 59 67.6 367
Tiobraid Árann 8 65.2 104

Gaillimh 40 64.3 166

Ros Comáin <5 48 31
An Iarmhí 5 47.3 42
An Clár <5 34.5 41
Liatroim 0 28.1 9