Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 3 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 5 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 1,922 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Luain, an 2 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 322 cás deimhnithe de

COVID-19. Tá 63,048* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Fir iad 156 díobh / mná iad 166 díobh
  • Tá 64% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 37 bliain an mheánaois
  • Tá 96 cás i mBaile Átha Cliath, 35 sa Mhí, 23 i gCorcaigh, 17 i Lú, 16 i bPort Láirge agus tá an fuílleach 135 cás leata i measc 18 gcontae eile.

Amhail 2pm inniu, tá 296 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 42 astu siúd san aonad dianchúraim.

Tugadh 14 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Mar gheall ar na hiarrachtaí a rinne daoine ar fud na hÉireann, tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil feabhas ag teacht ar an gcás maidir le COVID-19. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh de, áfach, gurb é an treocht anuas seo an rud is ríthábhachtaí anois. Tá fiúntas an dul chun cinn atá á dhéanamh againn ag brath ar leanúint leis an iompar sábháilte a bhain an pointe seo amach dúinn. Spreagaim gach duine chun coimeád leis, lena chinntiú go leanann na treochtaí seo.”

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 24 cás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 63,048 cás deimhnithe.

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 02 Samhain 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae|Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche AN02SAM2020)|Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (Ón 20D.F.2020 go dtí an 02SAM2020)|Cásanna Nua le 14 lá anuas (Ón 20D.F.2020 go dtí an 02SAM2020)|

ÉIRE
322
228.0
10,855
An Cabhán
12
475.2
362
An Mhí
35
380.4
742
An Iarmhí
8
306.4
272
Dún na nGall
15
305.9
487
Sligeach
8
302.1
198
Corcaigh
23
259.7
1,410
Gaillimh
5
256.9
663
17
256.8
331
Ceatharlach
<5
252.9
144
Ros Comáin
5
229.3
148
Luimneach
6
228.3
445
Muineachán
8
221.5
136
Baile Átha Cliath
96
219.5
2,957
Maigh Eo
7
214.5
280
Cill Dara
15
210.8
469
Port Láirge
16
196.3
228
An Longfort
<5
195.7
80
Laois
8
194.8
165
An Clár
<5
190.2
226
Ciarraí
7
186.2
275
Loch Garman
5
140.3
210
Uíbh Fhailí
<5
136.0
106
Cill Chainnigh
8
134.0
133
Tiobraid Árann
12
131.0
209
Cill Mhantáin
<5
106.7
152
Liatroim
<5
84.3
27

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat