Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 16 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 60 bás breise a bhaineann le COVID-19.

Astu seo, tharla 59 bás in Eanáir 2021. Tharla 1 bhás i mí na Nollag 2020.

Is é 85 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 65 agus 100 bliain. Níor tugadh aon bhás nua le fios i measc oibrithe cúraim sláinte. Níor tugadh aon bhás nua le fios i measc daoine óga faoi aois 30 bliain.

Tá 2,595* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé hAoine, an 15 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 3,231 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 169,780* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Fir iad 1,465 / mná iad 1,712
  • Tá 54% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 42 bliain an mheánaois
  • Tá 931 cás i mBaile Átha Cliath, 388 i gCorcaigh, 238 i Lú, 155 i bPort Láirge, 155 i Luimneach, agus tá an fuílleach 1,368 cás leata i measc na gcontaetha go léir eile.

Amhail 2pm inniu, tá 1,854 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 191 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 119 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá an víreas seo i ndiaidh gach uile chuid den tír a bhaint amach. Cás den víreas nó teagmhálaí dlúth atá i gcéatadán suntasach den daonra - breis agus duine as deichniúr i roinnt contaetha faoi láthair. Ualach ollmhór ionfhabhtaithe é seo. Nuair a chuireann tú san áireamh go dtabharfar céatadán mór dár gcásanna laethúla chuig an ospidéal nó go bhfaighidh siad bás, is soiléir a phráinní is gá dúinn gníomhú. Trí fhanacht sa bhaile, tá ár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta á gcosaint agat fad a bhíonn siad ag streachailt in aghaidh an ualaigh ollmhóir ionfhabhtaithe a chruthaigh tréimhse roinnt mhaith seachtainí inar tháinig na mílte cás COVID-19 aníos gach lá.”

“Níl na feabhsúcháin ar chásanna ag tarlú tapa a dhóthain. Níl an iomarca daoine ag cloí go hiomlán leis an gcomhairle go fóill, faoi mar a theastaíonn uainn. Tá comharthaí luatha ann go bhféadfadh go bhfuilimid ag teacht ar leibhéal seasta i dtaobh an fheabhais, ach go bhfuil leibhéal i bhfad ró-ard d’ionfhabhtú bainte amach. Is rídhóchúil go bhfuil an dúshlán atá romhainn níos deacra mar gheall ar athraitheach na Ríochta Aontaithe. Cloígh leis an gcomhairle sláinte poiblí, le do thoil. Is sa bhaile an áit is sábháilte faoi láthair. Fan sa bhaile, le do thoil.”

Dúirt an Dr Cillian De Gascún, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris:

“Mar gheall ar chineál an tsócháin a dtagtar air in athraitheach Ríocht Aontaithe an víris, níl aon dul as ach go ndéanfar an t-athraitheach is fairsinge de in Éirinn le himeacht ama. Tá athraitheach na Ríochta Aontaithe i ndiaidh dul in oiriúint dúinn: is é sin go bunúsach - is fearr a bhogann sé ó dhuine go duine nuair a dhéanaimid teagmháil lena chéile. Mar sin, is éard is gá dúinn a dhéanamh ná na deiseanna a laghdú chun an víreas a scaipeadh trí shóisialú a sheachaint. Fan sa bhaile. Ná tabhair cuairt ar theach duine ar bith eile. Ná freastail ar thionóil neamhdhleathacha. Cuimhnigh ar na bearta simplí agus éifeachtacha ón earrach – nigh do lámha go hiomlán agus go minic, caith mask, clúdaigh casacht agus sraoth le d’uillinn, coimeád spás 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, agus cuir glao ar do DG a luaithe a bhíonn chéad chomhartha COVID-19 ort.”

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal. Amhail ón lá inné, tá eolas ar fáil ar an gclár eolais faoi na Vacsaíní Iomlána a Tugadh (an 1ú Dáileog).

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 2,595 bás.
  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 7 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 169,780 cás deimhnithe.

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 15 Eanáir 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an15Ean2021)
Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí meán oíche an 15Ean2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí an15Ean2021)
Éire
3231
1530.2
72,864
Muineachán
83
2891.5
1,775
238
2452.6
3,161
Luimneach
151
2133.4
4,158
Port Láirge
155
2051.2
2,383
Loch Garman
136
1870.1
2,800
Baile Átha Cliath
931
1775.7
23,925
Ceatharlach
47
1723.1
981
Maigh Eo
101
1639.8
2,140
An Clár
47
1596.6
1,897
Corcaigh
388
1590.8
8,636
An Cabhán
114
1558.2
1,187
Dún na nGall
83
1437.9
2,289
An Mhí
145
1294.1
2,524
Cill Chainnigh
40
1191.1
1,182

Cill Dara 90 1171.2 2,606

Ciarraí
49
1102.2
1,628
Gaillimh
132
1087.7
2,807
Tiobraid Árann
61
1002.8
1,600
Uíbh Fhailí
44
996.7
777
Ros Comáin
29
951.3
614
Sligeach
26
943
618
Laois
48
935.1
792
An Longfort
5
846.5
346
Cill Mhantáin
45
818.7
1,166
An Iarmhí
31
751.4
667
Liatroim
12
639.7
205

Is é ráta na dteagmhas 7 lá 610.9 cás

Is é an meán gluaisteach 5 lá 3,465 cás

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat