Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 23 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 25 Eanáir 2021

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 77 bás breise a bhaineann le COVID-19.

Tharla 76 de na básanna seo in Eanáir agus tharla 1 bhas i mí na Nollag.

Is é 84 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 43 agus 98 bliain.

Tá 2,947 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé hAoine, an 22 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 1,910 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 186,184* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Fir iad 887 / mná iad 1,016
  • Tá 57% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 40 bliain an mheánaois
  • Tá 710 cás i mBaile Átha Cliath, 150 i gCorcaigh, 103 sa Mhí, 102 i Luimneach, 86 i Lú agus tá an fuílleach 759 cás leata i measc na gcontaetha go léir eile**

Amhail 2pm inniu, tá 1,892 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 217 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 59 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis:

“Tá ionfhabhtú COVID-19 á laghdú againn de réir a chéile a bhuíochas leis an dlúthpháirtíocht a léirigh teaghlaigh agus pobail fud fad na tíre le roinnt seachtainí anuas. Tá tionchar á imirt ag gach iarracht aonair chun cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí, ach ní féidir linn leanúint leis an treocht dhearfach seo agus an leitheadúlacht sa phobal a ísliú ach trí leanúint ag fanacht sa bhaile agus a sheachaint casadh nó meascán le daoine eile inár gciorcal sóisialta, chun freastal ar aon tionóil le daoine muinteartha san áireamh, cosúil le breithlaethanta nó sochraidí, mar gheall gur féidir a víreas a scaipeadh go forleathan ag na himeachtaí seo.

“Is eol dúinn gur féidir COVID-19 a bheith orainn gan aon chomharthaí a bheith orainn, mar sin, caithfimid ligean orainn go bhfuil an víreas orainn agus an teagmháil dhlúth a dhéanaimid le daoine eile a íoslaghdú. Má bhíonn amhras ort go mb’fhéidir go bhfuil tú breoite, fan glan amach ó dhaoine eile i do theaghlach, cuir do theagmhálaithe dlútha ar an eolas agus cuir in iúl gur gá tástáil a dhéanamh ort a luaithe agus is féidir.”

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 5 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 186,184 cás deimhnithe.

***Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 22 Eanáir 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu** (go dtí an 22Ean2021)
Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí meán oíche an 22Ean2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí an 22Ean2021)
Éire
1,910
955.5
45,500
Muineachán
19
1,787.1
1,097
86
1,417.6
1,827
Maigh Eo
50
1,362.4
1,778
Ceatharlach
23
1,294.5
737
Loch Garman
32
1,276.4
1,911
Port Láirge
76
1,188.7
1,381
Luimneach
102
1,167.8
2,276
Baile Átha Cliath
710
1,061.8
14,306
Corcaigh
150
933.0
5,065
Dún na nGall
72
926.6
1,475
Gaillimh
74
914.9
2,361
An Cabhán
33
883.5
673
An Mhí
103
854.2
1,666
An Clár
23
835.7
993
Cill Dara
79
786.1
1,749
Tiobraid Árann
34
785.9
1,254
Laois
17
776.9
658
Uíbh Fhailí
64
750.4
585
Ros Comáin
14
658.5
425
Cill Chainnigh
16
606.7
602
Cill Mhantáin
31
587.0
836
Ciarraí
36
553.8
818
An Iarmhí
20
488.9
434
Sligeach
25
462.3
303
An Longfort
12
460.0
188
Liatroim
9
318.3
102

Ráta na dteagmhas 7 lá 344.9

Meán gluaisteach 5 lá 2,273

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat