English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 7 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 5 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 1,945 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé hAoine, an 6 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 335 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 64,855* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 18 gcás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 64,855 cás deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir iad 155 díobh / mná iad 177 díobh
  • tá 64% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 37 bliain an mheánaois
  • tá 72 cás i mBaile Átha Cliath, 41 i nDún na nGall, 26 i Maigh Eo, 25 i gCorcaigh, 23 i gCiarraí agus tá an fuílleach 148 cás leata i measc 19 gcontae eile

Amhail 2pm inniu, tá 284 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 40 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 23 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá an tiomantas a léirigh daoine ar fud na hÉireann do mheanma na comhairle sláinte poiblí ó cuireadh tús le paindéim COVID-19 le moladh. Tá masc aghaidhe a chaitheamh nuair is deacair scaradh sóisialta a dhéanamh, i siopaí agus ar iompar poiblí, i gceist leis an tiomantas seo freisin.

"Tá sé ríthábhachtach freisin, áfach, go gcaitear i gceart agus go sábháilte iad. Cinntigh go bhfuil do bhéal agus do shrón á gclúdach go hiomlán leis an masc aghaidhe. Cuimhnigh, ní bhaineann na tairbhí céanna le scáthláin a bhaineann le maisc aghaidhe. Is mian liom an bhéim a leagan air, ach go háirithe, go bhfuil sé an-tábhachtach go n-úsáideann iad siúd a oibríonn i suíomhanna cosúil le miondíol maisc aghaidhe seachas scáthláin. Cuireann maisc aghaidhe cosaint níos fearr ar fáil, agus ba cheart do gach duine iad a chaitheamh, más féidir leo iad a chaitheamh. Má chaitear masc aghaidhe, cuirtear cosc ar dhuine éigin nach eol dóibh go bhfuil COVID-19 orthu é a scaipeadh ar dhuine eile.

"Is príomhghné iad dár gcosaint in aghaidh an víris seo, sa mhullach ar fhanacht sa bhaile agus a sheachaint casadh le daoine lasmuigh de do theaghlach."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH