Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin 01 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu gur bhásaigh 18 duine breise i gcúiseanna a raibh baint acu le COVID-19.

As na básanna a tuairiscíodh inniu, tharla 11 díobh i mí an Mharta agus tharla 7 gcinn i mí Feabhra.

Is í 81 bliain an aois airmheánach díobh siúd a fuar bás agus 59 – 95 an aoisraon a bhí ann.

Go dtí seo tá 4,705 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin, 31 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas maidir le 761 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 236,600* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Is fir iad 383 / is mná iad 373
  • Tá 72% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • Is í 33 aois airmheánach
  • 372 i mBaile Átha Cliath, 55 sa Mhí, 43 i gCorcaigh, 40 i gCill Dara, 38 in Uíbh Fhailí agus tá na 213 cás eile scaipthe ar fud 19 contae eile**.

Amhail 8am inniu, tá 274 othar COVID-19 san ospidéal as a bhfuil 63 san aonad dianchúraim. Tugadh 18 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail 29 Márta 2021, riaradh 819,676 dáileog den vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • Tá an chéad dáileog faighte ag 590,688 duine
  • Tá an dara dáileog faighte ag 228,988 duine

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar COVID-19 Dashboard maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail, lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

DEIREADH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag IFCS, rinneadh 15 cás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúir 236,000 de chásanna deimhnithe.

**Ba chóir a chur san áireamh gur sonraí sealadacha iad na sonraí atá ann do gach contae mar is córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus déantar sonraí maidir le cásanna a bhailíochtú agus a nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5 lá de chásanna nua, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh 100,000 duine den daoinra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche 31Márta 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáirimh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go dtí meánoíche 31 Márta 2021)
Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 31Már2021)
Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh 100,000 daonra (18Már2021 go dtí 31Már2021)
Cásanna nua le 14 lá anuas (18Már2021 to 31Már2021)
Éire
761
536
164.9
7,851
Uíbh Fhailí
38
24
509.2
397
Dún na nGall
14
24
281.4
448
Baile Átha Cliath
372
223
247.6
3,336
An Iarmhí
21
19
236.6
210
An Mhí
55
30
222
433
Cill Dara
40
34
220.2
490
Laois
16
15
210.2
178
Longfort
5
4
203.1
83
Tiobraid Árann
16
16
163.6
261
27
16
162.2
209
An Cabhán
11
12
160.2
122
Loch Garman
11
14
149.6
224
Ros Comáin
<5
3
113.1
73
Luimneach
28
18
105.7
206
Gaillimh
20
16
104.6
270
Port Láirge
7
4
103.3
120
Wicklow
0
9
101.8
145
Maigh Eo
15
10
85.8
112
Ceatharlach
<5
3
77.3
44
Liatroim
<5
2
68.7
22
Muineachán
6
5
60.3
37
An Clár
<5
6
55.5
66
Corcaigh
43
22
48.4
263
Sligeach
<5
0
42.7
28
Cill Chainnigh
0
1
38.3
38
Ciarraí
<5
3
24.4
36

~ Cuireann an meán gluaisteach 5-lá de líon na gcásanna nua, táscaire cuí ar fáil de líon na gcásanna reatha laistigh de chontae ar bhonn laethúil. Cuireann sé san áireamh aon bhailíochtú a dhéantar ar chásanna sna laethanta roimhe sin agus baineann sé an luaineacht as líon na gcásanna a bhíonn ann go laethúil/ag an deireadh seachtaine.

  • Is é ráta na dteagmhas 7 lá ná 81.6
  • Is é an meán gluaisteach 5 lá ná is 536

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat