English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin 24 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 29 Nollaig 2020

Cuireadh 8 bás breise a bhfuil baint acu le COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu.

Go dtí seo tá 2,192 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin, an 23 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas maidir le 922 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 83,073* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(* Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag IFCS, rinneadh 4 cás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúir 83,073 cás deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 438 agus is mná iad 477
  • tá 68% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • is é 33 an mheánaois
  • 337 i mBaile Átha Cliath, 73 i gCorcaigh, 70 i Luimneach, 56 i Loch Garman, 43 i nGaillimh agus tá na 343 cás eile scaipthe ar fud gach contae eile

Amhail 8am inniu, tá 255 othar COVID-19 san ospidéal as a bhfuil 22 san aonad dianchúraim. Tugadh 37 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:

"Ar an droch uair, níl ábhar dóchais le baint as táscairí an ghalair seo. Is in Éirinn anois atá an ráta minicíochta is mó fás san Aontas Eorpach.

"An Nollaig seo, is é an bronntanas is fearr is féidir leat a thabhairt do do dhaoine muinteartha ná cloí go docht leis an gcomhairle sláinte phoiblí.

"Bí cinnte go mbeidh an Nollaig seo sábháilte, lánbhrí agus speisialta as na cúiseanna cearta. Fan sa bhaile, fan sábháilte agus bí i do shláinte. Cuir srian leis an teagmháil chomh fada agus is féidir leat agus déan cinnte de go mbeidh Nollaig shona shábháilte agat féin agus ag do dhaoine muinteartha."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar Chlár Eolais COVID-19 maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail.

CRÍOCH