Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin 31 Nollaig 2020
- Foilsithe: 31 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu gur bhásaigh 12 duine breise i gcúiseanna a raibh baint acu le COVID-19.
Go dtí seo tá 2,237* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin, an 30 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas maidir le 1,620 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 91,779** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann i láthair na huaire in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- Is fir iad 794 / is mná iad 819
- Tá 65% faoi bhun 45 bliain d’aois
- Is í 34 an mheánaois
- 498 i mBaile Átha Cliath, 203 i Luimneach, 89 i nGaillimh, 73 i gCorcaigh, 67 i Muigh Eo agus tá na 779 cás eile scaipthe ar fud gach contae eile.
Amhail 2pm inniu, tá 490 othar COVID-19 san ospidéal as a bhfuil 42 san aonad dianchúraim. Tógadh 58 duine sa bhreis isteach san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte;
“Arís táimid sa chéim mhaolaithe den phaindéim seo. Is ábhar buartha é an méadú scanrúil atá tagtha ar an víreas i measc an phobail i gcoitinne. Aimsítear an galar seo i ngach áit go forleathan agus dá bharr sin, táimid ag iarraidh ar gach duine iad féin a iompar amhail is dá mba dlúth-theagmhálaithe iad.
“Chun tacú leis an gcóras tástála tríd an mborradh seo, nílimid ag moladh a thuilleadh do dhlúth-theagmhálaithe de chásanna deimhnithe go bhfaighidís tástáil. Is beart srianta é an tástáil agus an rianú, agus nílimid sa chéim mhaolaithe a thuilleadh. É sin ráite, má tá tú i do dhlúth-theagmáil de chás deimhnithe, ní mór duit do ghluaiseachtaí a shrianadh agus dul i dteagmháil láithreach le do dhochtúir ginearálta má tá siomptóim agat.
“Tá ardú tagtha ar mheánlíon na dteagmhálaithe in aghaidh an cháis ó 2.5 i mhí na Samhna go dtí 6.3 le laethanta beaga anuas. Ní hí seo an áit inar mian linn a bheith agus táim ag achainí ar gach duine de gach aois cloí leis na srianta atá tugtha isteach ag an rialtas – fan sa bhaile seachas as cúiseanna bunriachtanacha agus má tá aclaíocht a déanamh agat suas go dtí 5km ó do theach.”
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
“Ní féidir leanúint den leibhéal brú seo ar ár gcóras sláinte poiblí, na seirbhísí tástála agus rianaithe san áireamh. Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh gach duine, i ngach contae, an chomhairle sláinte phoiblí chun dul i ngleic leis an ngéarú a chonacthas i líon na gcásanna le déanaí. Ní mór srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach arís chun ár seirbhísí poiblí bunriachtanacha a chosaint, ar nós daoine a chur isteach san ospidéal agus cúram nach mbaineann le COVID a sholáthar, ionas go mbeidh an éifeacht is mó is féidir, san achar ama is giorra, chun scaipeadh an ghalair seo a íoslaghdú.”
Dr Ronan Glynn, Leaspríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:
“Cé go bhfuil cúrsaí an-tromchúiseach faoi láthair, tá ar ár gcumas rud éigin a dhéanamh faoin COVID-19. An uirlis is fearr atá againn anois díreach ná muid féin. Mar atá léirithe againn go minic anois, is féidir linn gníomhú le chéile chun na slabhraí tras-seolta a bhriseadh, déine na paindéime seo a laghdú mar aon leis an méadú i líon na gcásanna.
“Agus muid ag féachaint ar aghaidh go dtí an Bhliain Nua, cuimhnímid go brónach ar an 2,237 duine a bhásaigh le COVID-19 in Éirinn in 2020, mar aon lena dteaghlaigh agus a ndaoine muinteartha atá ag déanamh bróin. Déanaimis go léir tréaniarracht chun cinnte a dhéanamh de go rachaidh a laghad duine agus is féidir tríd an rud céanna in 2021.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach na hÉireann um Shamaltú Eipidéimeolaíochta de chuid NPHET:
“Tá cúrsaí eipidéimeolaíochta an-tromchúiseach agus tá an víreas ag scaipeadh go tapa i measc gach aoisghrúpa, agus ag cur leis an riosca atá ann dóibh siúd atá leochaileach maidir le hionfhabhú trom, ar nós daoine a bhfuil bunghalar acu agus daoine atá os cionn 60 bliain d’aois. Tá an uimhir atáirgthe ag 1.6-1.8 ar a laghad. Meastar go bhfuil ráta fáis 7-10% in aghaidh an lae i láthair na huaire agus méadú faoi dhó ann gach 7-10 lá nó níos lú ná sin fiú.
“Táimid ag tuar go mbeidh méadú suntasach ann i líon na gcásanna agus i líon na ndaoine a chuirfear isteach san ospidéal sna laethanta atá romhainn sula n-oibreoidh na bearta sláinte poiblí, agus is dócha go mbeidh os cionn 700-1000 san ospidéal le COVID-19 go luath san Athbhliain. Cé go bhfuil sé deacair aghaidh a thabhairt arís ar shrianta breise, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimis go léir ár ndícheall chun feabhas a chur ar chúrsaí tríd an chomhairle sláinte phoiblí a leanúint chun na daoine is leochailí inár measc a chosaint.”
Dúir an tOllamh Karina Butler atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh:
“Tá tús curtha le rolladh amach ár gclár náisiúnta um imdhíonadh. Táimid ag díriú ar dtús ar chónaitheoirí i dtithe altranais agus ar bhaill foirne cúraim sláinte atá ar an líne thosaigh. A luaithe a cheadaítear vacsaíní breise COVID-19, beifear ábalta an méid vacsaíne atá ar fáil ar fud na tíre a mhéadú. Is uirlis ríthábhachtach í an vacsaín inár straitéis chun muid féin a chosaint in aghaidh an ionfhabhtaithe COVID-19 agus tá dlúthbhaint aici leis na bearta sláinte poiblí maidir leis na lámha a ní, scaradh sóisialta a dhéanamh agus fanacht sa bhaile. Ní mór dúinn an fód a sheasamh, agus le chéile, is féidir linn líon na gcásanna a ísliú go tapa agus ár seirbhísí poiblí ríthábhachtacha a chosaint.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar Chlár Eolais COVID-19 maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag IFCS, rinneadh bás amháin (1) a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúir 2,237 duine atá básaithe.
** Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag IFCS, rinneadh dhá (2) chás dóchúil a athrangú go dtí cásanna deimhnithe. Léirítear é seo san fhigiúir 91,779 cásanna deimhnithe.
Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh 100,000 duine den daoinra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche 30 Nollaig 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáirimh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meánoíche 30Noll2020) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh 100,000 daonra (17Noll2020 go dtí 30Noll2020) | Cásanna nua le 14 lá anuas (17Noll2020 go dtí 30Noll2020) | |
Éire | 1,620 | 296.7 | 14,128 | |
Muineachán | 34 | 553.9 | 340 | |
Dún na nGall | 51 | 532.1 | 847 | |
Lú | 56 | 529.9 | 683 | |
Luimneach | 203 | 495.1 | 965 | |
Loch Garman | 58 | 390.1 | 584 | |
An Cabhán | 40 | 342.6 | 261 | |
Cill Chainnigh | 29 | 335.6 | 333 | |
Baile Átha Cliath | 498 | 334.4 | 4,506 | |
Sligeach | 29 | 311.3 | 204 | |
An Mhí | 62 | 292.2 | 570 | |
Ciarraí | 16 | 289.1 | 427 | |
Ceatharlach | 29 | 279.3 | 159 | |
Laois | 50 | 269.2 | 228 | |
Maigh Eo | 67 | 252.9 | 330 | |
Corcaigh | 73 | 241.7 | 1,312 | |
An Clár | 51 | 221.4 | 263 | |
Gaillimh | 89 | 214.7 | 554 | |
Cill Dara | 20 | 209.4 | 466 | |
Port Láirge | 37 | 208.3 | 242 | |
An Iarmhí | 18 | 187 | 166 | |
Cill Mhantáin | 18 | 147.5 | 210 | |
Uíbh Fhailí | 28 | 130.8 | 102 | |
Tiobraid Árann | 32 | 129.1 | 206 | |
Longfort | 18 | 127.2 | 52 | |
Ros Comáin | 9 | 127.1 | 82 | |
Liatroim | 5 | 112.4 | 36 |
NÓTA:
Is é ráta na dteagmhas 7 lá ná 182.9.
.
Is é an meán gluaisteach ná 1,279.