English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin 5 Lúnasa 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Amhail meán oíche Dé Céadaoin, an 4 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 1,491* cás deimhnithe de COVID-19.

Amhail 8am inniu, tá 193 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 28 astu siúd san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Cuireann vacsaíniú fíorbhealach dúinn amach ón bpaindéim seo. Is í an dea-nuacht go bhfuil líon an-ard daoine in Éirinn ag glacadh leis, agus léiríonn seo go dtuigeann daoine na tairbhí a chruthaíonn vacsaín a fháil dóibh agus dá bpobail. Tá an chéad dáileog, ar a laghad, faighte ag breis agus 90% de dhaoine níos sine ná 40 bliain d’aois, ag 84% de dhaoine níos sine ná 30 bliain, ag breis agus 73% de dhaoine san aoisghrúpa idir 18 agus 29 bliain d’aois, agus ag breis agus 46% de dhaoine san aoisghrúpa 16-17 mbliana d’aois. Leanann na figiúirí seo ag dul i méid, agus ba cheart do gach duine a tháinig i láthair chun vacsaín a fháil a mholadh.

“Tuigtear go bhfuil roinnt daoine ag éirí dubh dóite le COVID-19, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil sé buailte linn le tamall anuas. Ach ní thagann tuirse ar an víreas. Is cuma leis má táimid braon breoite de, ní dhéanann sé ach an deis a thapú scaipeadh ó dhuine go duine nuair a éirímid réchúiseach.

“Déan measúnú riosca ar do chuid pleananna an deireadh seachtaine seo. Cuimhnigh, má bhíonn comharthaí ar bith ort cosúil le slaghdán nó fliú, ba cheart duit an rud freagrach a dhéanamh agus fanacht sa bhaile - ná cas le daoine eile, agus ná téigh go dtí an obair. Más fostóir thú, cuir i gcuimhne do d’fhostaithe leanúint ag oibriú as baile sa chás gur féidir don am i láthair, agus gan freastal ar an obair má bhíonn aon chomharthaí COVID-19 ort. Oibríonn vacsaíní, ach caithfimid go léir tacú leo trína roghnú gníomhú chomh sábháilte agus is féidir linn.”

CRÍOCH

  • D’fhéadfadh athrú teacht ar líonta cásanna laethúla mar gheall ar bhailíochtú sonraí a dhéanfar amach anseo.