Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí
- Foilsithe: 30 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 31 Eanáir 2020
Dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an Coróinvíreas nua (2019-nCoV) mar éigeandáil sláinte poiblí lena mbaineann ábhar imní idirnáisiúnta. Mar thoradh ar an ainmniú sin, neartófar an tacaíocht a thabharfaidh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte d’údaráis na Síne agus iad ag freagairt don víreas.
Bhíothas ag coinne leis an dearbhú sin, bunaithe ar an measúnú leanúnach atá á dhéanamh ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí. Leagtar béim sa dearbhú ar a thábhachtaí atá an ullmhacht agus na pleananna atá i bhfeidhm in Éirinn cheana féin.
Leanfaidh Éire le faireachán a dhéanamh ar an staid agus le páirt a ghlacadh sa mheasúnú idirnáisiúnta ar an bhfreagairt don Choróinvíreas nua seo (2019-nCoV), atá faoi stiúir ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Tá Éire in áit mhaith chun aon chás a d’fhéadfadh teacht chun cinn anseo i leith an Choróinvíris nua (2019-nCoV) a bhrath agus chun freagairt d’aon chás den sórt sin. Ní raibh aon chásanna deimhnithe ann in Éirinn go fóill.
CRÍOCH
Nóta don Eagarthóir
Is ionann an Plean Náisiúnta Éigeandála Sláinte ón Roinn Sláinte agus plean atá le cur i bhfeidhm i gcás go dtiocfaidh éigeandáil náisiúnta sláinte poiblí/éigeandáil mhórscála sláinte poiblí chun cinn de bharr ráig galair thógálaigh nó de bharr fadhb sláinte den chineál céanna. Tá sé mar aidhm leis an bplean cabhrú le gach gníomhaireacht sláinte sa Stát freagairt d’éigeandáil sláinte poiblí ar bhealach comhtháite comhordaithe.
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile sa Roinn Sláinte tráthnóna inniu, Déardaoin an 30 Eanáir, chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí agus an treoir idirnáisiúnta atá ar fáil maidir leis an ráig den Choróinvíreas nua (2019-nCoV) in Wuhan, an tSín, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar ullmhacht leanúnach na hÉireann ar aon dul leis an gcomhairle ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
Tá pleananna cuimsitheacha Sláinte Poiblí agus Éigeandála Poiblí i bhfeidhm ag Éirinn chun freagairt d’fhadhbanna sláinte poiblí, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le hoibreáin ionfhabhtaithe nua amhail an Coróinvíreas nua seo. Tá na pleananna sin cothrom le dáta agus réamhchleachta. Baineadh leas as na Creataí sin roimhe seo chun bainistiú a dhéanamh ar éigeandálaí amhail paindéim Fhliú na Muc, Stoirmeacha Emma agus Ophelia, Géarshiondróm Trom Riospráide (SARS) agus víreas Ebola.
Tá an Rannóg Sláinte Poiblí i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Ionad Faireachais FSS um Chosaint Sláinte ag déanamh faireachán ar staid an Choróinvíris nua (2019-vCoV) ó thug an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte fógra faoin víreas amach.
Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile an athuair Dé Máirt an 4 Feabhra.